News

in
in
25 Oct 2024
Grants

Tá deontas Power Up €4,000 ar fáil do ghnólachtaí sna hearnálacha fáilteachais agus miondíola

Tá Údaráis Áitiúla ag seoladh ríomhphoist anois chuig gnólachtaí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe don deontas Power Up. Tá sonraí sa ríomhphost maidir le conas clárú.

Ná deanaigí moill ag clárú, níl an tairseach clárúcháin Power Up oscailte ach ar feadh tréimhse teoranta ionas gur féidir íocaíochtaí a chur ar fáil do ghnólachtaí roimh dheireadh na bliana.

16 Oct 2024

Preasráiteas Acadamh Ibeirneach Ríoga ar Flow le Vivienne Roche ag Áras an Chontae, Sord.

Bhí fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall fáilte a chur roimh an ealaíontóir Vivienne Roche chuig Seomra na Comhairle, Áras an Chontae i Sord chun turas a thabhairt ar a saothar ealaíne Flow, (2002).  Choimisiúnaigh Comhairle Contae Fhine Gall an dealbh rilífe mhórscála seo ina bhfuil gloine, plástar agus cré-umha mar chuid de thógáil Áras an Chontae, a dhear Bucholz McEvoy Architects. D’éascaigh Acadamh Ibeirneach Ríoga (RHA) an turas ag an am céanna le mórthaispeántas le Vivienne, Abridged, ag an RHA go dtí an 17ú Samhain.

03 Oct 2024
Housing

Forbairtí tithíochta nua arna n-oscailt i Lusca

Osclaíodh dhá fhorbairt tithíochta nua go hoifigiúil i bhFine Gall, nuair a chuir Méara Fhine Gall, an Clr. Brian McDonagh, fáilte roimh an Aire Tithíochta Darragh O’Brien TD go Lusca le haghaidh seachadadh na dtithe nua sa cheantar a cheiliúradh.