Dréacht-Mháistirphlean le haghaidh thailte an tSeantí Scoile i gCluain Saileach, Baile Átha Cliath 15
Cuir do thuairim in iúl trí aighneacht nó barúil a chur isteach faoi 5pm an 11 Lúnasa 2025. Nóta: fadaíodh an spriocdháta.

Nóta: fadaíodh an spriocdháta.
D’ullmhaigh Comhairle Contae Fhine Gall Dréacht-Mháistirphlean le haghaidh thailte an tSeantí Scoile i gCluain Saileach, Baile Átha Cliath 15. Is é atá i bhfís an Mháistirphlean le haghaidh an tSeantí Scoile ná soláthar a dhéanamh d’fhorbairt inbhuanaithe na dtailte, agus aird á tabhairt ar a suíomh áitiúil uathúil. Tacaítear le hathchóiriú agus athúsáid ghníomhach fhoirgneamh an tSeantí Scoile agus le soláthar Ghlasbhealach Uirbeach na Canálach Ríoga mar chuid d’fhorbairt fhoriomlán na dtailte atá criosaithe mar thailte cónaithe faoin Máistirphlean.
Tá doiciméid an Dréacht-Mháistirphlean le haghaidh an tSeantí Scoile ar fáil le hamharc orthu in oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall ar Bhóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, agus ag Áras an Chontae, an Phríomhshráid, Sord (le linn gnáthuaireanta oscailte oifige ó 9.00am go 5.00pm ó Luan go Déardaoin agus ó 9.00am go 4.30pm ar an Aoine) ón Luan an 30 Meitheamh 2025 go dtí an Luan an 11 Lúnasa 2025 agus ar an tairseach ar líne de chuid na Comhairle Contae: https://consult.fingal.ie/en/browse
Féadfar aighneachtaí/barúlacha a chur isteach mar a leanas: Ar líne ag: https://consult.fingal.ie/en/browse nó
I scríbhinn chuig: An tOifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2.
Ná cuir d’aighneacht nó do bharúil isteach ach amháin trí mheán amháin faoi 5pm an 11 Lúnasa 2025.
Chomh maith leis sin, cuirfidh Comhairle Contae Fhine Gall imeacht faisnéise poiblí ar siúl i Leabharlann Bhaile Bhlainséir, Ionad Cathartha Bhaile Bhlainséir, Lárionad Bhaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, Dé Céadaoin an 9 Iúil 2025, idir 4.00pm agus 7.00pm. Tá fáilte roimh gach duine den phobal agus roimh ghrúpaí leasmhara eile freastal ar an imeacht sin, áit a mbeidh siad in ann amharc ar ábhar an Dréacht-Mháistirphlean le haghaidh an tSeantí Scoile.