Beidh Áras Cultúir Fhine Gall, atá ar chostas €40m, ina áras tionóil do chách
Deich mí tar éis thús na tógála, tá lárphointe Cheathrú Chultúrtha Shoird, atá ar chostas €40m, ag teacht chun cinn agus tá sé le hoscailt sa bhliain 2027.
Is tionscnamh nuálach de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall é Áras Cultúir Fhine Gall, ar dá bharr a bheidh leabharlann, amharclann, gailearaí, spás do dhéantóirí, spásanna ealaíon agus caifé lonnaithe i bhfoirgneamh íocónach atá deartha ag O’Donnell + Twomey, ailtirí a bhfuil gradaim buaite acu.
Beidh an foirgneamh mór seo 5,683 m2 in achar agus ceithre stór ar airde. Tá sé á thógáil faoi láthair in aice Chaisleán Shoird i lár an bhaile i mBaile Átha Cliath Thuaidh ag Duggan Brothers, atá ag tógáil 36 theach nua ar Bhóthar Bhaile na Mara trasna an bhóthair ón Áras Cultúir nua.
Thug Fionnuala May, Ailtire an Chontae, agus Ciarán Ó Gaora ó Zero-G láithreoireacht do chomhairleoirí Fhine Gall ag cruinniú míosúil na Comhairle i mí an Mheithimh. Mhínigh siad an réasúnaíocht taobh thiar den chinneadh Áras Cultúir a chruthú d’Fhine Gall.
“Ba mhaith linn go mbeadh sé seo ina léiriú muiníneach ar an todhchaí, agus tá an méid sin á fheiceáil againn cheana féin,” arsa an tUas. Ó Gaora leis na comhairleoirí. “Léiríonn an foirgneamh seo an stair agus léiríonn sé an todhchaí.”
Dúirt sé go bhfuil Fine Gall ag leanúint traidisiún Eorpach ina bhfuil Áras Cultúir ina lán cathracha. Dúirt sé freisin: “Tuigeann siad gur féidir go leor gníomhaíochtaí éagsúla a chur ar siúl faoin aon díon amháin.”
Trí Áras Cultúir nó Culture House a thabhairt ar an bhfoirgneamh, bhí an Chomhairle á chur in iúl gurbh áit fháilteach inrochtana é trí úsáid a bhaint as ainm a d’fhéadfadh gach duine a thuiscint, ar seisean.
“Sa deireadh thiar thall, is é atá i gceist leis ná áras tionóil a chruthú do chách, agus í sin an chaoi ar mhaith linn labhairt faoi. Is áras atá ar oscailt don phobal é, ní túr eabhair é,” arsa an tUas. Ó Gaora.
“I bhFine Gall, bíonn an cultúr thart orainn i ngach áit, gach lá. Is é an rud a thugann le chéile sinn é. Is é an rud a fhágann go seasaimid amach é. Ós rud é go bhfuil cultúr na foghlama agus an tsúgartha againn i bhFine Gall. Ós rud é go bhfuil cultúr na samhlaíochta agus an iontais againn. Ós rud é go bhfuil cultúr an déanta, na maireachtála agus an mhuintearais againn.”
Seolfar Áras Cultúir Fhine Gall go hoifigiúil ar an Oíche Chultúir Dé hAoine an 19 Meán Fómhair, agus tabharfar ar an oíche an t-eolas is deireanaí faoi na pleananna don fhoirgneamh nua ón Oifig Ealaíon agus ón tSeirbhís Leabharlainne.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Beidh an tÁras Cultúir ina phointe tionóil do gach duine sa chontae. Bainfidh an pobal leas as leabharlann agus cartlann contae den scoth, as amharclann agus as spás gailearaí faoin aon díon amháin i lár Shoird, príomhbhaile an chontae, a bhuí leis an Áras Cultúir.”
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Mórthionscadal suaitheanta do Chomhairle Contae Fhine Gall is ea tógáil Áras Cultúir Fhine Gall i Sord. Cuireadh an chuid is mó den chistiú ar fáil ónár gcúlchistí féin, chomh maith le deontas €3m ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Beidh sé ina fhoirgneamh tábhachtach laistigh de Cheathrú Chultúrtha Shoird. Tá dea-dhul chun cinn á dhéanamh ar an tionscadal. Mar sin de, táimid ag tosú anois le díriú a leagan ar conas a oibreoidh sé agus conas is féidir leis a bheith ina shaoráid a rachaidh chun tairbhe do gach duine i bhFine Gall.”
Tá físeán den láithreoireacht do Chomhairleoirí ar fáil le hamharc air thíos