News

in
in
08 Feb 2021
Affordable Housing

Forbróir ceaptha do Scéim Tithíochta Inacmhainne i bhFine Gall

Tá forbróir ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall chun an chéad scéim tithíochta inacmhainne a sheachadadh sa chontae le 11 bliana anuas ag Dún Eimhire, Lusca. Déanfaidh Ó Cualann Cohousing Alliance maoirseacht ar thógáil 51 teach, a mbeidh 39 díobh inacmhainne agus 12 ina dtithíocht shóisialta.  

04 Feb 2021
Winter Weather

Ag ullmhú áitreabh do ghnó don Gheimhreadh má tá sé folamh le linn srianta Covid-19

Tá gnóanna ag tabhairt aghaidh ar éiginnteacht na srianta leanúnacha le linn na tréimhse reatha den éigeandáil sláinte poiblí seo. Ba mhaith linn a dhearbhú duit, go bhfuil Uisce Éireann i gcomhpháirtíocht leis na hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre ag obair go crua chun do sheirbhísí riachtanacha uisce óil agus fuíolluisce a chothabháil i gcomhréir le comhairle agus treoir FSS agus na Roinne Sláinte.

02 Feb 2021
Gaeilge

Aighneachtaí á lorg 4ú Scéim Teanga

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall an ceathrú scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.

 

28 Jan 2021
arts

Fóram Aoine Fhine Gall

Tá áthas an domhain ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall Fóram Aoine Fhine Gall a chur i láthair, cruinniú míosúil neamhfhoirmiúil d’ealaíontóirí Fhine Gall amháin. Tuigimid gur tréimhse dhúshlánach í seo d’ealaíontóirí agus aithnímid an tábhacht a bhaineann le fanacht nasctha agus tacaíocht a sholáthar le linn COVID-19.