Forbróir ceaptha do Scéim Tithíochta Inacmhainne i bhFine Gall

Tá forbróir ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall chun an chéad scéim tithíochta inacmhainne a sheachadadh sa chontae le 11 bliana anuas ag Dún Eimhire, Lusca. Déanfaidh Ó Cualann Cohousing Alliance maoirseacht ar thógáil 51 teach, a mbeidh 39 díobh inacmhainne agus 12 ina dtithíocht shóisialta.  

Dun Emer 3

Beidh na tithe inacmhainne ar fáil do cheannacháin incháilithe céaduaire ar phraghsanna a bheidh thart ar 25% faoi bhun a luach mhargaidh. Meascán d’árasáin le dhá sheomra leapa, árasáin dhá urlár le trí sheomra leapa, tithe sraithe le trí sheomra agus tithe leathscoite le trí sheomra leapa a bheidh sna 39 aonad.  

Tosnóidh praghsanna ar €166,000 d’árasáin le dhá sheomra leapa; ó €206,000 d’árasáin dhá urlár le trí sheomra leapa; ó €250,000 do thithe sraithe le trí sheomra leapa; agus ó €258,000 do na tithe leathscoite le trí sheomra leapa. 

Le bheith incháilithe don scéim caithfidh ceannaitheoir a bheith ina cheannaitheoir céaduaire, cé go mbeidh eisceachtaí áirithe i bhfeidhm. Caithfidh an mhaoin a bheith oiriúnach do riachtanais teaghlaigh an iarrthóra agus caithfidh go raibh siad ina gcónaí i bhFine Gall ar feadh níos mó ná 12 mí. 

Tá na critéir incháilitheachta ioncaim ag teacht le critéir na hIasachta Baile Átógála Éireann atá ann cheana ionas gur féidir le ceannaitheoirí incháilithe ollioncam suas le €50,000 ar a mhéad a thuilleamh in aghaidh na bliana do theaghlaigh aosach aonair nó ollioncam suas le €75,000 ar a mhéad a thuilleamh in aghaidh na bliana do theaghlaigh ina mbeidh an teach faoi úinéireacht beirt aosaigh cháilitheacha. Caithfidh go bhfuil sé de cheart acu freisin cónaí ar feadh tréimhse éiginnte in Éirinn. 

Cosnóidh Muirear Cothromais leas an phoabil i gcoinne amhantraíochta cothromais. Ceann de na coinníollacha díolacháin faoin Scéim seo ná go bhfanfaidh an ceannaitheoir faoi dhliteanas an lascaine céatadáin faoi bhun an luach mhargaidh a bhain sé leas as agus an mhaoin á ceannach a aisíoc. Is féidir leo é seo a íoc ag am ar bith nuair a dhíoltar an mhaoin. 

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Cheadaigh an Comhairleoir Scéim Cheannaigh Dhún Eimhire i mí na Samhna seo caite, mar sin fáiltím roimh fhorbróir a cheapadh arb é an chéad chéim eile sa phróiseas é. Tá súil agam go leanfaidh an próiseas ag bogadh go tapaidh toisc go dtacaíonn comhairleoirí go mór leis an scéim seo agus go bhfuil fonn orthu tithíocht inacmhainne a thabhairt isteach sa chontae.” 

Dun Emer 4

Dúirt Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall, Margaret Geraghty: “Anois go bhfuil na conarthaí sínithe go foirmiúil, beidh sonraí na dtithe atá le díol i nDún Eimhire ar láithreán gréasáin na Comhairle agus cuirfimid fáilte roimh iarratais ó cheannaitheoirí incháilithe i gceann thart ar sé go hocht seachtaine. Tabharfaidh sé seo deis do gach iarrthóir ionchasach cur amach a fháil ar an bpróiseas iarratais agus an doiciméadúchán riachtanach a bhailiú.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall,  AnnMarie Farrelly: “Is céim mhaith í ceapachán Ó Cualann i dtreo ár scéim tithíochta inacmhainne a bhaint amach ag Dún Eimhire i Lusca. Tá taithí mhaith acu ar sheachadadh tithe inacmhainne agus tuigeann siad tábhacht an tionscadail seo i dtéarmaí seachadadh foriomlán tithíochta i bhFine Gall. Táimid ag leanúint ar aghaidh ag obair ar ár bpleananna chun tithíocht níos inacmhainne a fhorbairt i bPáirceanna na hEaglaise i mBaile Átha Cliath 15, i gCeapach i mBaile Átha Cliath 11, Baile Mastún i nDomhnach Bat, agus Baile an Haicéadaigh sna Sceirí áit a bhfuilimid ag obair leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún.”

Tá tuilleadh eolais faoi Scéim Cheannaigh Dhún Eimhire le fáil ó https://www.fingal.ie/ga/sceim-tithiochta-inachmhainne-dhun-eimhire

 

CRÍOCH

 

TEIDIL GHRIANGHRAIF: Léargas den gcaoi a bhreathnóidh Eastát nua Dún Eimhire i Lusca.

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR

Ullmhaíodh Scéim Phíolótach Cheannaigh Tí Dhún Eimhire sular foilsíodh Rialacháin bhreise faoi Chuid 5 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009, arna leasú.

Ghlac an Chomhairle Scéim Tosaíochta le haghaidh Socruithe Ceannaigh Cónaithe Inacmhainne i mBealtaine 2019 mar a cheanglaítear faoi Alt 85 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 agus Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 (Cuid 5) Rialacháin 2019, Alt I. 81 de 2019.  In éagmais na Rialachán atá ar feitheamh, úsáidfidh an scéim phíolótach seo na príomhphrionsabail den chuid seo den Acht.

Soláthróidh an fhorbairt ag Dún Eimhire, Lusca 39 áitreabh le díol faoin scéim phíolótach seo. Is éard a bheidh iontu ná 23 áitreabh le 3 leapa agus 8 n-áitreabh le 2 leapa. Seachadfar 12 áitreabh sóisialta (lena n-áirítear 5 x Cuid V) san fhorbairt.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil le  [email protected]