Ceapann an Chomhairle BAM chun Acomhal Snugborough ag Baile Bhlainséir a uasghrádú

Tar éis próiseas iomaíoch tairisceana, cheap Comhairle Contae Fhine Gall  BAM Civil Teo. chun tabhairt faoi thógáil Scéim Uasghrádaithe Acomhail Snugborough i mBaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15.

Council has commenced tendering process for Snugborough Interchange Upgrade scheme

Cuimsíonn an tionscadal, arna chómhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair, an dara droichead a thógáil thar phríomhbhealach náisiúnta an N3 le lánaí nua bus, cosáin, rotharbhealaí cosanta agus lánaí tráchta a thugann inrochtaineacht fheabhsaithe ar Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir agus Crios Fiontraíochta Cheantar Bhaile Átha Cliath i Mulllach Eadrad.

Dearadh an scéim chun dul i ngleic le saincheisteanna brú tráchta an líonra agus chun feabhsuithe suntasacha a sholáthar do choisithe, do rothaithe agus do sheirbhísí bus. Meastar go mbeidh an costas thart ar €22 milliún.

Tá bearta chun éifeachtúlacht oibríochta an dá achomhal ar gach taobh den N3 a fheabhsú lena n-áirítear bearta tosaíochta bus a thacóidh leis an tionscadal Bus Connects san áireamh sa tionscadal.

Faoi réir srianta Covid-19 ar láithreáin tógála, táthar ag súil go dtosóidh na hoibreacha i mí an Mhárta agus go leanfaidh siad ar feadh tréimhse 24 mí. Beidh bainistíocht shuntasach tráchta i gceist ar an N3 agus ar Bhóthar Snugborough agus cuirfear tuilleadh sonraí in iúl don phobal áitiúil agus do pháirtithe leasmhara eile de réir mar a fhorbraíonn an conraitheoir agus Comhairle Contae Fhine Gall iad.

Dúirt an Comhairleoir John Walsh, cathaoirleach Choiste Ceantair Áitiúil Chomhairle Contae Fhine Gall: ‘Beidh buntáistí móra do chónaitheoirí agus do ghnóanna i mBaile Bhlainséir agus i gceantar níos leithne Bhaile Átha Cliath 15 má chuirtear an scéim seo i gcrích agus tá géarghá léi chun brú tráchta a mhaolú ag ceann de na hachomhail is mó a úsáidtear i mBaile Átha Cliath 15. Is príomhthosaíocht do Chomhairle Contae Fhine Gall feabhas a chur ar nascacht taistil agus inrochtaineacht agus ligfdh an t-uasghrádú feabhas luachmhar don líonra rothar agus coisithe i mBaile Bhlainséir agus na ceantair máguaird i mBaile Átha Cliath 15, mar aon le hamanta feithimh a laghdú  do dhaoine atá ag taisteal ar an mbus.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá tábhacht straitéiseach ag uasghrádú Acomhail Snugborough d’fhorbairt ceantar Bhaile Átha Cliath 15. Chomh maith le feabhsuithe suntasacha a sholáthar do thiománaithe, do choisithe agus do rothaithe, tá gné eacnamaíoch ríthábhachtach aige mar go n-éascóidh an t-uasghrádú inrochtaineacht fheabsaithe ar 800 gnóanna  atá suite i gCrios Fiontraíochta Cheantar Bhaile Átha Cliath.”

Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh: “Soláthróidh Acomhal Snugborough, ar phríomhthionscadal é laistigh dár gclár caipitil, feabhsuithe suntasacha iompair do Bhaile Átha Cliath 15. Fáiltímid roimh thiomantas an Údaráis Náisiúnta Iompair páirt-mhaoiniú a dhéanamh ar an scéim seo agus táimid ag súil leis an tionscadal seo a sheachadadh.

Dúirt Micheal Aherne, Ceann Forbartha Iompair san Údarás Náisiúnta Iompair: “Tá an-áthas ar an UNI dul i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall ar an bhfeabhsú luachmhar seo don líonra rothar agus coisithe agus bus i gceantar Bhaile Bhlainséir. Tá an tionscadal seo mar chuid den phlean siúil agus rothaíochta cúig bliana do cheantar Fhine Gall a spreagfaidh infheistíocht shuntasach i mbonneagar taistil inbhuanaithe do cheantar Bhaile Átha Cliath 15 mar aon le Bus Connects sna blianta atá amach romhainn.”