Faigheann Fine Gall borradh €14.8m i maoiniú ó infheistíocht UNI i mBonneagar Siúil agus Rothaíochta

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall go bhfuil sí tar éis maoiniú beagnach €15 milliún a fháil ón Údarás Náisiúnta Iompair   do thionscadail iompair inbhuanaithe a fógraíodh an tseachtain seo. Mar chuid d’infheistíocht €240 milliún san iomlán do gach údarás áitiúil ar fud na tíre tacóidh an maoiniú seo le go leor tionscadal atá á bhforbairt. Tá meascán de thionscadail leanúnacha, nua agus níos sine ar an liosta chun tacú le tionscadail iompair inbhuanaithe ar fud an chontae.

Cuideoidh €14,870,000 a sholáthraítear ón UNI le 23 tionscadal a chur chun cinn ar fud an chontae mar Bhealach Rothaíochta na Canálach Ríoga, Bealach Rothar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill, Bealach Siúil agus Rothaíochta Inbhear Dhomhnach Bat agus Bealach an Mhóinéir Leathan. Tá na tionscadail seo mar chuid de chlár bonneagair iompair inbhuanaithe níos leithne chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Gan amhras cuideoidh bonneagar sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar leis an líon méadaitheach rothaithe atá ag úsáid na mbóithre i mbailte agus i sráidbhailte ar fud Fhine Gall le blianta beaga anuas. Mar chuid de thiomantas leanúnach na Comhairle do Ghníomhaíocht Aeráide tá na tionscadail seo chun cabhrú le Taisteal Gníomhach a chur chun cinn sa chontae agus é mar aidhm taisteal gníomhach a ionchorprú sa saol laethúil mar chuid de ghnáthnósanna laethúla.

D’fháiltigh Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy, roimh an bhfógra: “Is nuacht iontach í seo. Cuideoidh na tionscadail siúil agus rothaíochta a bhainfidh leas as an maoiniú seo le Fine Gall a spriocanna Gníomhaíochta Aeráide a bhaint amach. Tá i bhfad níos mó daoine á fheiceáil againn ag siúl agus ag rothaíocht i bhFine Gall mar gheall ar an bpaindéim, mar sin tá sé ríthábhachtach go bhforbróimid bealaí ardchaighdeáin siúlóide agus rothaíochta chun gluaiseacht níos mó a cheadú laistigh dár bpobail. Feabhsóidh na tionscadail seo sábháilteacht do rothaithe trí áiseanna rothaíochta deighilte easbhóthair a sholáthar chomh maith le leibhéil cháilíocht an aeir a fheabhsú.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh an bhfógra seo ón Údarás Náisiúnta Iompair. Ligfidh an maoiniú seo dúinn leanúint le go leor tionscadal a léireoidh ár dtiomantas bonneagar siúil agus rothaíochta den scoth a sholáthar ar fud an chontae. Ba mhaith linn an nascacht idir ár mbailte agus ár sráidbhailte a fheabhsú, do choisithe agus do rothaithe agus modhanna iompair inbhuanaithe a sholáthar mar chuid dár ngníomhaíochtaí i gcoinne athrú aeráide.”

Dúirt David Storey, Stiúrthóir na Roinne Comhshaoil, Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus Taistil Ghníomhaigh i gComhairle Contae Fhine Gall: “Is cúis áthais dúinn an fógra inniu ón Údarás Náisiúnta Iompair go bhfuil maoiniú breise á sholáthar. Ligfidh an maoiniú breise seo don Chomhairle tógáil ar na bearta atá déanta againn chun roghanna taistil atá sábháilte agus glan a sholáthar chomh maith le tacú le taisteal gníomhach sa chontae.”

Is é seo a leanas an liosta iomlán de thionscadail Chomhairle Contae Fhine Gall atá chun maoiniú a fháil:

Bealach Siúil agus Rothaíochta Inbhear Dhomhnach Bat, Bealach an Mhóinéir Leathan

€750,000

Síneadh Chill Fhionntain go Mullach Íde S2S

€310,000

Bealach Rothaíochta na Canálach Ríoga – bealach Fhine Gall iomlán

€400,000

Bealach Rothar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill

€1,600,000

Tardhroichead Bóthar Snugborough N3 (Páirt-Mhaoinithe)

€2,000,000

Gréasán Rothaíochta Shoird

€100,000

Sráideanna Scoile Cláir Phíolótacha Fhine Gall

€150,000

Droichead Dhomhnach Bat

€400,000

Páirceáil Rothar (COVID)

€125,000

Clár Rochtana Sábháilte ar Scoileanna – bonneagar

€100,000

Clár Spreagtha 2020 – Dliteanas Conarthach

€4,000,000

Bóthar Pháirc na hEaglaise

€2,000,000

Bóthar Snugborough – An tIonad Násiúnta Uisce go Ongar

€100,000

Baile Dúill go Binn Éadair

€1,000,000

Bóthar Bhaile Átha Cliath go Sráid Bhaile Átha Cliath, Baile Dúill

€1,000,000

Bóthar Hearse Domhnach Bat/An Phríomhshráid /Bóthar Phort Reachrann (Nasc 1 & Nasc 2)

€100,000

Bealach Rothaíochta Bhaile Dama go Cluain Saileach lena n-áirítear Droichead N3

€150,000

Cluain Aodha go hIonad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir  

€100,000

Inbhear Shoird go Bóthar Ráth Béil

€100,000

Mullach Íde (An tSráid Mhór) go Sord (Bóthar Bhaile Breacháin)

€100,000

Bóthar na Foraoise go dtí An tSráid Mhór, Sord

€100,000

Bonneagar a bhaineann le Bus (acomhal, Bóthar an Bhealaigh Bhig)

€85,000

R132 Dearadh (acomhail)

€100,000

Iomlán:

€14,870,000