Páirc Spóirt Uile-Aimsire Nua Pháirc Ghleann Abhainn an Bharda

Ward Valley All Weather Pitch

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil oibreacha cumasúcháin le tosú sna laethanta atá amach romhainn ar an bpáirc spóirt uile-aimsire nua ag Páirc Réigiúnach Ghleann Abhainn an Bharda i Sord.  Beidh an pháirc nua uile-aimsire sintéiseach triú glúin ina pháirc CLG & Sacair lánmhéide, cosúil leis an áis ag Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór i mBaile Brigín. Beidh páirceáil do charranna, do chóistí agus do rothair ag gabháil leis an saoráid nua tuilsoilsithe chun freastal ar riachtanais úsáideoirí na páirce agus chun rochtain ar an bpáirc a fheabhsú.

Sa chéad chéim d’oibreacha beidh conraitheoirí ag déanamh oibre bainte teoranta maidir le roinnt plandáil crann scáileáin (mar a léirítear ar an bplean a ghabhann leis) chun oibreacha a éascú agus spás a chruthú don pháirc. Tar éis dul i gcomhairle leis an bpobal, bhíothas cúramach le leagan amach na páirce chun a chinntiú go bhféadfaí an crann aibí suntasach ar an láithreán a choinneáil. Bainfear thart ar 330m2 de phlandáil scáileáin agus beidh na hoibreacha críochnaithe faoi dheireadh mhí Feabhra.

Chun dul in áit na gcrann seo, cuirfear 1580m2 de choillearnach dúchasach agus 179m d’fhál sceach in aice leis an saoráid nua. Chomh maith leis sin, déanfar tuilleadh plandála a bhaineann leis an gcarrchlós beartaithe mar chuid den tionscadal foriomlán. Tá sé beartaithe go dtosóidh na hoibreacha tógála páirce níos déanaí i mbliana agus beidh sé ina thaitneamhacht luachmhar spóirt do mhuintir Shoird agus don cheantar níos leithne.