Sustainable Business cover Irish
Discover More

Trí dhíriú ar inbhuanaitheacht cabhraíonn sé le gnóthaí a bheith níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de trí níos lú amhábhar, níos lú fuinnimh, agus níos lú uisce a úsáid. Agus dá bharr, táirgeann gnóthaí níos lú dramhaíola agus déanann siad an dramhaíl a tháirgeann siad a bhainistiú de réir na bprionsabal um dhea-chleachtais. 

D’fhéadfadh éifeachtúlachtaí foriomlána agus coigilteas costais a bheith mar thoradh ar chur chuige gnó inbhuanaithe agus d’fhéadfadh sé do ghnó a shuíomh chun custaiméirí nua agus conarthaí nua a aimsiú. 

Féadann sé custaiméirí a mhealladh a roghnaíonn go comhfhiosach ceannach ó ghnóthaí a thugann tosaíocht don inbhuanaitheacht. 

“Ach, ní bhaineann sé seo le mo ghnó, tá sé ró-chasta, níl na scileanna nó na hacmhainní againn, cén difríocht a dhéanfaidh sé?" 

Is dócha nach bhfuil iontu seo ach cuid de na smaointe a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar Inbhuanaitheacht i do ghnó. Tá súil againn trí na chéad chéimeanna simplí seo a leanúint go n-athróidh do thuiscint ar conas tús a chur le hathruithe inbhuanaithe a chur i bhfeidhm i do ghnó.

Inside Fingal - The Fingal County Council Podcast

Éist leis ár Podchraoladh

Cuimsíonn Eipeasóid 4 de Inside Fingal agallamh le Ronan O’Reilly, Comhordaitheoir um Athrú Aeráide le Comhairle Contae Fhine Gall, ar Phlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide na Comhairle agus conas is féidir le daoine aonair a gcéimeanna féin a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb dhomhanda seo.

In Eipeasóid 5 de Inside Fingal, labhraíonn Aoife Sheridan, ón Roinn Forbartha Eacnamaíochta Fionntraíochta Turasóireachta agus Cultúrtha, faoi thionscnamh Fhine Gall Inbhuanaithe de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall a bhfuil sé mar aidhm aige gnóthais ar fud Fhine Gall a spreagadh chun glacadh le bearta inbhuanaitheachta. Tugann sí breac-chuntas ar chuid de na buntáistí do ghnólachtaí má ionchorpraíonn siad inbhuanaitheacht i reáchtáil a ngnó ó lá go lá.