Gnó Inbhuanaithe - Comórtas

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag bronnadh PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA & INIÚCHTA INBHUANAITHEACHTA ar ghnó áitiúil amháin.

image of business desk

PACÁISTE DUAISE:

Is éard atá sa duais ná cuairt láithreáin 2-3 uair an chloig, arna stiúradh ag Patel Tonra Ltd. Environmental Solutions, ina ndéantar  athbhreithniú ar do ghnó faoi roinnt nó gach ceann de na ceannteidil seo a leanas: 

  • Laghdú & Bainistiú Dramhaíola
  • Bainistiú agus Caomhnú Uisce & Fuinnimh
  • Tionchair Chomhshaoil Eile ar an láithreán
  • Slabhra Soláthair & Soláthar
  • Bainistíocht agus Ceannaireacht
  • Rannpháirtíocht Foirne agus Pobail 

Gheobhaidh an gnó tuarascáil leantach leis na torthaí, ina n-aibhseofar réimsí a fhéadtar feabhsú a dhéanamh orthu agus molfar plean gníomhaíochta. Beidh príomhbhéim an iniúchta ar thionchair chomhshaoil agus shóisialta an ghnó aonair.

Ina theannta sin, beidh an gnó a bhuaigh an duais le feiceáil i bhfíseán Inbhuanaithe Fhine Gall a thaispeánfar ar ardáin meán sóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall.

Dáta deiridh a nglacfar le hiontrálacha:        Dé hAoine 28 Bealtaine 2021

DUAIS BHÓNAIS:

Cuirfear gach iontráil isteach i gcrannchur duaiseanna chun ceann de 4  Dearbhán de €500 a bhuachan a fhéadtar a úsáid mar dhuais do raifil do do chustaiméi.

 

Chun iontráil a chur isteach, níl gá duit ach cliceáil anseo