Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide 2019-2024

Uaillmhian méadaithe do Ghníomhú ar son na hAeráide ag Comhairle Contae Fhine Gall

I 2019 d’fhoilsigh Údaráis Áitiúla Bhaile Átha Cliath na chéad phleananna Gníomhaíochta ar son na hAeráide (CCAP) de chuid na nÚdarás Áitiúil sa tír. Leag CCAP Chomhairle Contae Fhine Gall ceithre phríomhsprioc agus 133 gníomh amach a dhéanfadh an Chomhairle i réimsí fuinnimh & foirgnimh, seasmhacht tuilte, réitigh nádúrbhunaithe agus bainistíocht acmhainní. Chabhródh na gníomhaíochtaí seo leis an gComhairle oiriúnú don athrú aeráide agus astaíochtaí gás ceaptha teasa na Comhairle a mhaolú agus a laghdú. Forbraíodh an Plean i gcomhar le Gníomhaireacht Bainistíochta Fuinnimh Bhaile Átha Cliath Plan (Codema) agus Oifig Réigiúnach Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath (CARO). Bhí an Plean faoi réir próisis chomhairliúchán phoiblí agus Measúnaithe Straitéiseacha Comhshaoil. Tá tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn foilsithe ag an gComhairle, tá siad seo ar fáil thíos.

Tá forbairt déanta ar an gcomhthéacs beartais agus reachtach a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide ó foilsíodh CCAP na Comhairle.  Forálann foráil den Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 go bhféadfadh an tAire treoirlínte a eisiúint maidir le hábhar agus le hullmhú phleananna gníomhaíochta aeráide na n-údarás áitiúil agus go gcomhlíonfadh údaráis áitiúla na treoirlínte seo. Ina theannta sin, féachann foilsiú an Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2021 agus an Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2023 le hÉire a chur ar chonair níos inbhuanaithe, astaíochtaí a laghdú, geilleagar agus sochaí níos glaine, níos glaise a chruthú agus an tír a chosaint ó iarmhairtí an athraithe aeráide.

I 2023, féachfaidh an Chomhairle leis an leibhéal uaillmhéine sa CCAP a mhéadú chun teacht leis na gníomhaíochtaí agus spriocanna sa Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta Aeráide 2023. Méadófar an sprioc maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú faoi 30% agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú faoi 33% faoin mbliain 2030 go 50% faoi seach.

Teastaíonn uainn go mbeidh ionchur ag saoránaigh uile Fhine Gall sa Phlean feabhsaithe seo. Seolfar próiseas comhairliúcháin phoiblí go luath san fhómhar; agus deis a bheidh anseo a bheith páirteach agus an Plean a mhúnlú.

Chomh maith leis sin, i R2 de 2023, seolfaidh Comhairle Contae Fhine Gall Clár Gníomhaíochta Pobail ar son na hAeráide arna mhaoiniú faoin gciste Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide a thacóidh le huaillmhian na bpobal maidir le smaointe agus tionscnaimh a spreagann gníomhaíocht aeráide ar leibhéal áitiúil.

Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann um ghníomhú aeráide ag   [email protected]

Léigh an plean anseo

Climate Change Action Plan Annual Progress Report 2022

Climate Change Action Plan Annual Progress Report 2021

Climate Change Action Plan Annual Progress Report 2020