Bealaí Simplí chun Gníomhú ar an Athrú Aeráide

Is fadhb dhomhanda lena mbaineann impleachtaí domhanda é an t-athrú aeráide - ach chomh maith leis sin, is fadhb réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil é a bhfuil tionchar aige orainn ar fad.

Ciallaíonn sé seo go mbaineann tábhacht leis an rud is lú fiú - agus is féidir le gach duine a chion féin a dhéanamh.

Lean ort ag léamh más spéis leat noda agus comhairle a d’fhéadfadh cabhrú leat le d’iarrachtaí gníomhaithe aeráide.

Climate change action plan 6

Bí tíosach ar fhuinneamh

Úsáid bolgáin LED -  cé go bhfuil siad níos costasaí, maireann siad níos faide agus úsáideann siad níos lú cumhachta, rud a thabharfaidh tú faoi deara ar do chuid billí.

Úsáid éici-thimthriallta nuair a bhíonn éadaí agus soithí á ní, úsáideann siad níos lú uisce agus fuinnimh.

Ceannaigh na fearais is éifeachtaí agus is féidir leat, cas síos an teirmeastat agus ná téigh an teach ach nuair is gá. 

Climate change action plan 7

Laghdaigh an méid dramhaíola atá á chruthú agat

Tairgeann bruscar a chuirtear chuig líonadh talún an gás ceaptha teasa láidir, meatán.

Athchúrsáil nuair is féidir, agus ceannaigh araid múirín.

Bailíonn formhór na n-oibreoirí dramhaíl san araid dhonn, nó is féidir leat múirín a dhéanamh le húsáid sa ghairdín.

Déan iarracht athlíonta de ghnáth-earraí tí cosúil le caife nó púdar níocháin a cheannach, a úsáideann níos lú pacáistithe.

Climate change action plan 8

Úsáid modh taistil ghlais

Caith tamall ag siúl, léim ar an rothar nó úsáid iompar poiblí nuair is féidir.

Laghdaítear astaíochtaí agus brú tráchta nuair atá níos lú carranna ar an mbóthar, agus sábhálfaidh tú airgead, freisin.

Bain triail as socrú carr-roinnte, agus ceannaigh an carr is éifeachtúla agus is ísle truaillithe agus is féidir leat.

Climate change action plan 9

Déan do chuid siopadóireachta i siopaí áitiúla

Triail formhór do chuid siopadóireachta a dhéanamh i do phobal áitiúil. 

Ní hamháin go gcabhraíonn sé seo le poist a choinneáil i gceantair áitiúla, laghdaíonn sé úsáid carranna chomh maith.

Climate change action plan 10

Ceannaigh earraí séasúracha

Ith glasraí agus torthaí nuair atá siad i séasúr.

Is iondúil go dtaistealaíonn bia na mílte ciliméadar sula mbaineann siad amach an t-ollmhargadh áitiúil, agus tá tionchar ollmhór ag costas seolta agus eitlíocht ar an athrú aeráide.

Ná ceannaigh ach an méid bia a bheidh tú in ann a ithe.

Climate change action plan 11

Triail gan feoil a ithe

Cé nach bhfuilimid ar son an veigeatóireachais nó an veigeánachais a bhrú ar dhaoine, tá sé níos sláintiúla agus níos saoire gan feoil a ithe uair sa tseachtain, ar a laghad, agus cabhróidh sé chun astaíochtaí talmhaíochta a laghdú.

Climate change action plan 12

Cas as an lasc

Cas as na soilse, cas as an teilifís, ríomhaire glúine, táibléad agus fearais eile nuair nach bhfuil siad in úsáid agat.

Cas as an t-uisce nuair a níonn tú do chuid fiacla — úsáidtear go leor fuinnimh chun uisce a chóireáil ionas go mbeidh sé sábháilte le hól.

Climate change action plan 13

Bíodh do ghairdín glas

Cur plandaí agus crainn dhúchasacha, a ionsúnn carbón, déan iarracht múirín a dhéanamh agus gearr an féar ag úsáid buainteoir leictreach nó brúbhuainteoir seachas buainteoir peitril.

 

Climate change action plan 14

Tabhair aire do na rudaí atá agat

Déan seirbhís ar an gcarr agus coire go rialta, agus díreoigh an reoiteoir.

Déan iarracht fearais a dheisiú seachas fearais nua a cheannach.

Climate change action plan 15

Smaoinigh ar saoire a chaitheamh sa bhaile

Ní gá nach mbeadh neart spraoi agat má fhanann tú sa bhaile - tá neart le déanamh agus le feiceáil in Éirinn, agus i bhFine Gall.

Nuair a bhíonn ort dul ar thuras eitleáin, déan iarracht na heitiltí leis na bealaí is dírí a aimsiú, ná pacáil an iomarca, agus tabhair tús áite d’aerlínte agus d’eitiltí a úsáideann aerárthaí níos nuaí.