Gnó Inbhuanaithe - Uisce

Sustainable Water Irish

Uisce (cad) a bhfuil tú ag fanacht leis?

Cosúil le fuinneamh, is gan aithne a tharlaíonn cuid mhaith den chur amú uisce i ngnó. Trí dhíriú ar úsáid uisce agus ar ghníomhartha chun dramhaíl a laghdú, féadfaidh tú úsáid uisce i do ghnó a laghdú go suntasach. 

Leideanna Simplí chun Tús a Chur leis:

  • Cuir aithne ar an méid uisce a úsáideann tú faoi láthair. Foghlaim conas do bhillí uisce a léamh agus tosaigh taifead a choinneáil ar úsáid uisce d’fhonn do dhul chun cinn a thomhas. 
  • Labhair le d’fhoireann: Cuir comhghleacaithe ar an eolas faoi ghanntanas uisce agus na buntáistí a bhaineann le caomhnú. Cuir comharthaí suas i gcistiní foirne nó sna leithris a mheabhraíonn do dhaoine sconnaí a chasadh as nó roghanna sruthlaithe ísle a úsáid.
  • Déan iniúchadh uisce: sainaithin próisis nó réimsí de do ghnó ina n-úsáidtear uisce agus scrúdaigh an gcuideodh athruithe beaga le húsáid a laghdú. 
Gaeilge - Sustainable Fingal - Ideas For SMEs

Bróisiúr Seicliosta Inbhuanaitheachta

Íoslódáil ár mbróisiúr chun foghlaim faoi níos mó bealaí chun monatóireacht agus laghdú a dhéanamh ar d’úsáid uisce i do ghnó.

Sustainability Faces Collage 4

Acmhainní Úsáideacha:

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar bhainistiú caomhnaithe uisce, féach le do thoil ar na naisc seo a leanas ó Uisce Éireann

Mol um Chaomhnú Uisce do Ghnó:

Tá comhairle úsáideach sa mhol seo maidir le maoirseacht uisce agus cás-staidéir.

Uisce a Chaomhnú:

Is é an bealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí é soláthar uisce a chaomhnú chun soláthar uisce inbhuanaithe agus comhsheasmhach a chinntiú do ghnó.

Leideanna um Chaomhnú Uisce Gnó:

Treoir phraiticiúil maidir le conas iniúchadh uisce a dhéanamh, úsáid a laghdú, uisce a athúsáid agus iompar i do ghnó a athrú. Cuimsítear ann leideanna caomhnaithe earnáilsonracha freisin do na hearnálacha fáilteachais, déantúsaíochta, cógaisíochta agus talmhaíochta.

Anois agus machnamh ar d’úsáid fuinnimh déanta agat, cén fáth nach smaoineoidh tú ar do chuid fuinnimh agus dramhaíola?

Faigh amach conas atá gnóthaí, cosúil le do ghnó féin ag tabhairt bearta inbhuanaitheachta isteach leis na cás-staidéir seo

Déan teagmháil linn ag [email protected]  

Buaigh Iniúchadh Inbhuanaitheachta do do ghnó

Faigh amach faoinár gComórtas