Directory

542 Results
Beaches

Trá Bhaile Carraige

Is trá fhada ghainimh í Trá Bhaile Carraige, atá 3.4km ar fad. Tá achar mór di lán dumhcha agus locháin charraige. Léirítear an bealach siúil ó Dhomhnach Bat go Port Reachrann ar chláir i gCarrchlós Chuan an Túir agus i gCarrchlós na Trá, Domhnach Bat. 

Beaches

Trá Loch Sionnaigh

Is sráidbhaile beag cois farraige é Loch Sionnaigh le trá faoi fhoscadh atá cosúil le cuas

Beaches

Trá Thuaidh an Rois

Is trá ghainimh í Trá Thuaidh an Rois atá 1km ar fad agus tá calafort iascaigh gníomhach ag an gceann ó dheas di.  

Beaches

Trá Mhullach Íde

Tá Trá Mhullach Íde 2km ar fad agus tá inbhear agus muiríne inti.    

Beaches

Trá Theas an Rois

Tá Trá Theas an Rois 2.4km ar fad agus tá córas seanbhunaithe dumhcha ar a cúl. 

Beaches

An Sruthán, Port Reachrann

Is trá fhada ghainimh í Trá an tSrutháin, Port Reachrann, atá 2km ar fad agus a shíneann ó shráidbhaile Phort Reachrann ó thuaidh isteach in Inbhear Bhaile Roiséir.

Beaches

Trá Bhaile Brigín

Tá Trá Bhaile Brigín cóngarach don Phríomhshráid, taobh thiar de tharbhealach bríce agus aolchloiche ina bhfuil aon áirse dhéag.

Beaches

Trá Claremont

Is trá bheag atá cosúil le cuas í Trá Claremont atá cóngarach don chalafort i mBinn Éadair.

Beaches

Trá an Choinicéir

Is trá ghainimh í Trá an Choinicéir i gCill Fhionntain atá 1.2km ar fad agus a cheanglaíonn Binn Éadair leis an mórthír.

Beaches

Trá Theas na Sceirí

Is trá fhada ghainimh í Trá Theas na Sceirí, atá 2km ar fad le promanáid álainn agus siúlóid cois cósta