Trá Mhullach Íde

Malahide sea

Tá Trá Mhullach Íde 2km ar fad agus tá inbhear agus muiríne inti.    

Tá Mullach Íde i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, timpeall 5km soir ó Shord/Mhótarbhealach an M1. 

Téann an 32/42/142 de chuid Bhus Átha Cliath go dtí Mullach Íde. Tógann sé 5 nóiméad siúl go dtí an trá ó stad an bhus. Seiceáil Bus Átha Cliath le haghaidh cláir ama agus an scéala is deireanaí faoi chúrsaí seirbhíse.Faigh an traein nó DART go sráidbhaile Mhullach Íde. Tógann sé timpeall 10 nóiméad siúl ón stáisiún traenach go dtí an trá. Seiceáil Iarnród Éireann le haghaidh cláir ama agus an scéala is deireanaí faoi chúrsaí seirbhíse.

I measc na n-áiseanna, tá carrpháirceáil, leithris phoiblí, agus stáisiún garda tarrthála a oibrítear i rith mhíonna an tsamhraidh amháin. Bíonn gardaí tarrthála ar dualgas ó 11 am go 7 pm ar an Satharn agus an Domhnach i Meitheamh agus gach lá ó Iúil go Lúnasa. 

Mar gheall ar shruthanna contúirteacha ón inbhear agus ón trácht muiríne, bíonn bratach dhearg ar foluain i Mullach Íde go buan.

Déantar monatóireacht ar an gcáilíocht uisce i Mullach Íde go rialta ó lár mhí an Mheithimh go dtí lár mhí Mheán Fómhair gach bliain. Bíonn torthaí na cáilíochta uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá.