Trá Theas na Sceirí

Skerries Beach 4

Is trá fhada ghainimh í Trá Theas na Sceirí, atá 2km ar fad le promanáid álainn agus siúlóid cois cósta

Tógann sé 2 nóiméad siúl ó na Sceirí go dtí Trá Theas na Sceirí. Tá roinnt bealaí isteach do choisithe go dtí an trá.

Má tá tú ag taisteal ar Bhus Átha Cliath, úsáid seirbhís 33 chuig baile na Sceirí Tógann sé 2 nóiméad siúl go dtí an trá ó stad an bhus. .

Má thaistealaíonn tú ar an traein, glacfaidh sé 20 nóiméad chun siúl ón stáisiún traenach chuig an trá. Seiceáil Iarnród Éireann chun teacht ar amchláir agus nuashonruithe ar sheirbhís.

Má tá tú ag taisteal i ngluaisteán, féach an nasc le Léarscáileanna Google sa taobh-bharra Láithreach ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo chun do bhealach a phleanáil. 

I measc na n-áiseanna, tá carrpháirceáil ar an Trá Theas, leithris phoiblí i ngar don chuan a bhíonn ar oscailt ar bhonn séasúrach, agus stáisiún garda tarrthála a oibrítear i rith mhíonna an tsamhraidh amháin. Bíonn gardaí tarrthála ar dualgas ó 11 am go 7 pm ar an Satharn agus an Domhnach i Meitheamh agus gach lá ó Iúil go Lúnasa. 

Is trá aitheanta í Trá na Sceirí faoi na  Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha, 2008 (I.R. Uimh. 79 de 2008). Déantar monatóireacht ar an gcáilíocht uisce go rialta ó lár mhí an Mheithimh go dtí lár mhí Mheán Fómhair gach bliain. Bíonn torthaí na cáilíochta uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá agus ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil www.beaches.ie.