Trá an Choinicéir

Burrow Beach

Is trá ghainimh í Trá an Choinicéir i gCill Fhionntain atá 1.2km ar fad agus a cheanglaíonn Binn Éadair leis an mórthír. Tá achar mór di lán dumhcha. 

Tá Trá an Choinicéir cóngarach do Stáisiún Dart Chrois Chill Fhionntain.

Tá seirbhís mhaith DART agus bus ag Cill Fhionntain agus tá roinnt bealaí isteach do choisithe go dtí an trá. Oibríonn Bus Átha Cliath seirbhís 31 nó 31B go baile Chill Fhionntain agus is féidir an trá a bhaint amach ón áit sin gan stró. Ina theannta sin, is féidir teacht ar an trá gan stró má thaistealaíonn tú ar sheirbhís DARTIarnród Éireann go Cill Fhionntain.

Má tá tú ag taisteal i ngluaisteán, féach an nasc le Léarscáileanna Google sa taobh-bharra Láithreach ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo chun do bhealach a phleanáil. 

Oibrítear stáisiún garda tarrthála Thrá an Choinicéir i rith mhíonna an tsamhraidh amháin. Bíonn gardaí tarrthála ar dualgas ó 11 am go 7 pm ar an Satharn agus an Domhnach i Meitheamh agus gach lá ó Iúil go Lúnasa. 

Is féidir Inis Mac Neasáin a fheiceáil ó Thrá an Choinicéir. Is láthair caomhnaithe dúlra ainmnithe í a thacaíonn le coilíneachtaí gainéad, foracha dhubh agus droimneach mór.

Is trá aitheanta í Trá an tSrutháin faoi na  Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha, 2008 (I.R. Uimh. 79 de 2008). Déantar monatóireacht ar an gcáilíocht uisce go rialta ó lár mhí an Mheithimh go dtí lár mhí Mheán Fómhair gach bliain. Bíonn torthaí na cáilíochta uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá agus ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil www.beaches.ie.