Trá Bhaile Carraige

Balcarrick Beach 5

Is trá fhada ghainimh í Trá Bhaile Carraige, atá 3.4km ar fad. Tá achar mór di lán dumhcha agus locháin charraige. Léirítear an bealach siúil ó Dhomhnach Bat go Port Reachrann ar chláir i gCarrchlós Chuan an Túir agus i gCarrchlós na Trá, Domhnach Bat. 

Tá an príomhbhealach isteach go dtí an trá ag a ceann thuaidh cóngarach don Óstán Waterside.

Glacann sé 20 nóiméad chun siúl ó shráidbhaile Dhomhnach Bat go dtí an trá, agus is féidir seirbhís 33b Bhus Átha Cliath nó Iarnród Éireann a úsáid chun an trá a bhaint amach. Má tá tú ag taisteal i ngluaisteán, féach an nasc le Léarscáileanna Google sa taobh-bharra Láithreach ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo chun do bhealach a phleanáil. 

I measc na n-áiseanna, tá carrchlós poiblí, leithris phoiblí agus stáisiún garda tarrthála i rith mhíonna an tsamhraidh amháin.

Is gné nádúrtha thábhachtach iad na dumhcha ar Thrá Bhaile Carraige. Tá siad leochaileach agus is mian linn iad a chaomhnú. Chun dochar dóibh a sheachaint, ná siúil agus ná bí ag súgradh ar na dumhcha agus ar an bhféar timpeall orthu le do thoil.

Nuair a bhíonn an taoide amuigh bíonn a lán ainmhithe spéisiúla le feiceáil sna locháin charraige. Is féidir leis na carraigeacha bheith sleamhain, mar sin tabhair aire le do thoil.

Is trá aitheanta í Trá Bhaile Carraige faoi na Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha, 2008 (I.R. Uimh. 79 de 2008).

Déantar monatóireacht ar an gcáilíocht uisce go rialta ó lár mhí an Mheithimh go dtí lár mhí Mheán Fómhair gach bliain.

 Bíonn torthaí na cáilíochta uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá agus ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil www.beaches.ie..