Donabate

08 Oct 2025
Town Regeneration Office

Foireann Baile nua fógartha do Dhomhnach Bat

Chun cabhrú le feabhsuithe i nDomhnach Bat a bhrú chun cinn, d’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall bunú Foirne Baile nua agus sheol sí Plean Seiceála Sláinte um Thús Áite do Lár Bailte do Dhomhnach Bat. I dteannta a chéile, tá sé mar aidhm acu lár baile Dhomhnach Bat a dhéanamh ina áit níos inmharthana, níos beoga agus níos tarraingtí le cónaí, le hobair, le sóisialú agus le gnó a dhéanamh ann.

20 Apr 2021
Music Generation

Tá Music Generation ag teacht go Fine Gall!

Is am corraitheach é don aois óg i bhFine Gall! Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire tar éis teacht le chéile le Comhairle Contae Fhine Gall agus le Music Generation chun na deiseanna oideachais ceoil atá ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga sa chontae a fheabhsú.

08 Mar 2021
Homemade Parade

Déan Ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig le #ParáidBhaile

Tá fíoráthas orainn ár gcomórtas Lá Fhéile Pádraig #ParáidBhaile a fhógairt. Ar Lá Fhéile Pádraig seo, cad faoi spiorad na paráide a thabhairt isteach i do theach? Spreag an teaghlach a bheith páirteach i #ParáidBhaile a chur le chéile, ag úsáid rudaí ó gach cearn den teach cosúil le bréagáin, leabhair, béiríní bréige 7rl.