Sráidbhaile Fhine Gall á Chur i Láthair ag Chomhairle Contae Fhine Gall le linn Féile Blasanna Fhine Gall 2023

Beidh Sráidbhaile Fhine Gall suite sa Ghairdín Múrtha draíochtúil i mbliana, agus beidh sé ina óstach do ranna iomadúla na comhairle ar mhian leo dul i ngleic leis an bpobal trí léirithe idirghníomhacha faoina gcuid oibre faoi seach.

Flavours Gaeilge 2023

Tá foireann iontach na n-Imeachtaí againne chomh gnóthach agus a bhíodar riamh agus bua deiridh á chur acu le Teach agus Feirm an Droichid Nua roimh Fhéile Blasanna Fhine Gall an deireadh seachtaine seo. Ní hamháin gur ómós don talmhaíocht atá in imeacht spraoi an tsamhraidh is mó in Éirinn do theaghlaigh, ach geallann sé lá suilt a chur ar fáil don teaghlach ar fad, ag léiriú scoth na dtáirgí bia agus dí, mar aon le siamsaíocht thar barr agus siopadóireacht agus ceol den scoth; ábhar spéise ann do gach éinne..

Má tá cuart á tabhairt agat ar Bhlasanna an deireadh seachtaine seo, ná déan dearmad ar aghaidh a thabhairt ar Sráidbhaile Fhine Gall le tuilleadh a fháil amach faoi do Chomhairle Contae. Mar a bhí i gcás anuraidh, tá Sráidbhaile Fhine Gall suite sa Ghairdín Múrtha draíochtúil, áit a mbeidh sé ag freastal mar óstach do ranna iomadúla na comhairle ag labhairt faoi na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí atá ar fáil tríd an gcomhairle.

Léireoidh Roinn na Leabharlanna a veain leabharlainne taistil agus tá neart roghanna na siamsaíochta eagraithe acu do leanaí, lena n-áirítear seónna maisiúla puipéad, scéalaíocht aoibhin agus péinteáil aerach aghaidhe chomh maith le mórán eile.

D'fhonn úsáid agus foghlaim na Gaeilge a spreagadh, tabharfaidh an tob-Gaeltacht deis do chuairteoirí dul i ngleic le hoidhreacht saibhir na teanga againne.

Beidh Foireann an Pobail ag taispeáint na tacaíochtaí atá i bhfeidhm don phobal, agus limistéar súgartha á chur ar fáil acu do leanaí. Beidh flúirse na hataí agus na spéaclaí gréine a thabhairt amach acu d'éinne a chríochnaíonn an tsuirbhé acu.

Cuirfidh na Seirbhísí Digiteacha ionadh ar an lucht freastail le taispeántas tumtha na réaltachta físiúla a léireoidh áilleacht cheathrú cultúrtha Shoird agus tionscadal spreagúil an athnuachana i mBaile Brigín, á gcur ar fáil acu acu trí theicneolaíocht cheannródaíoch Oculus agus tríd an tsuirbhéireacht um an Straitéis Dhigiteach nua.

Cuirfidh Roinn na Tithíochta raon faisnéise ar fáil agus buailfidh siad leo siúd ar mhian leo teach a cheannach ar phraghas inacmhainne, nó rochtain a fháil ar iasachtaí tithíochta nó ar dheontas theach fholamh. Beidh an eagraíocht Óstach Éireannach i láthair i dteannta leo ag spreagadh teaghlaigh chun daoine ón Úcráin a óstáil go sábháilte agus go hinbhuanaithe ina gcuid tithe.

Beidh seastán dramhaíola bia agus garraíodóireacht inbhuanaithe á reáchtáil ag an bhfoireann Comhshaoil/Gníomhaíocht ar son na hAeráide, agus boscaí dramhaíola bia á dtabhairt amach acu.

Beidh bróisiúir eolais agus ábhar poiblíochta ar fáil don lucht freastail ag seastán gan foireann a chuirfidh Oifig Áitiúil an Fhiontair le chéile. .

Beidh an Roinn hEarcaíochta i láthair chun labhairt leis an lucht freastail maidir le deiseanna na fostaíochta atá ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall

Beidh Cláraitheoir na dToghthóirí ag spreagadh an lucht freastail an clár a sheiceáil ar feadh an deireadh seachtaine.

Beidh Roinn na bPáirceanna ag labhairt faoin ngairdín “Achar Anála (Breathing Space)” as Fine Gall i Sráidbhaile Fhine Gall a bhuaigh an gradam Bloom.

Beidh an Roinn Turasóireachta ag labhairt faoi na suíomhanna ar fad i bhFine Gall ar féidir le cuairteoirí orthu taitneamh a bhaint astu.

Beidh an fhoireann Chumarsáide beo ar na meáin shóisialta freisin le híomhánna agus físeáin a léiriú acu le linn an deireadh seachtaine. Bí cinnte mar sin leanúint orainn ar Facebook, Twitter agus Instagram trí úsáid a bhaint as an gclib@Fingalcoco.

Ina theannta sin, beidh Ionad Shéamus Ennis i láthair le haghaidh Cóisir Ghairdín 2023 a chur chun cinn. Cuirfidh Seirbhís Oideachais na Aosach ag cur a gcuid seirbhísí, maidir le ranganna litearthachta agus ESOL saor in aisce, in iúl don lucht freastail.

Deis iontach don phobal atá i Sráidbhaile Fhine Gall le haghaidh tuilleadh a fháil amach faoin gComhairle acu agus faoin méid atá ar siúl i bhFine Gall. Gheobhaidh cuairteoirí an-áthas as raon leathan na bhféiríní a bheidh ar fáil, lena n-áirítear málaí gualainne, t-léinte, hataí bairille agus go leor eile; mar sin bí cinnte go dtiocfaidh tú isteach chun eolas a fháil faoin meíd oibre atá ar bun chun ionad iontach an chónaí, na hoibre, na cuairte agus an ghnó a dhéanamh as Fine Gall.

Mar a dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh gach éinine chuig Féile Blasanna Fhine Gall arís i mbliana. Mholfainn éinne a thagann chuige cuairt a thabhairt ar Shráidbhaile Fhine Gall, áit a mbeidh ár bhfoireann thar a bheith sásta an Chomhairle agus an méid atá á dheanamh againn a léiriú duit.”