Tús curtha le hObair Chaomhnaithe ar Bhalla an Eastáit ag Teach agus Diméin an Droichid Nua

Tá tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall ar obair chaomhnaithe ar an mballa eastáit a theann timpeall Teach agus Diméin an Droichid Nua i nDomhnach Bat. Beidh an chéad chéim den obair ag díriú ar chuid leanúnach den bhalla eastáit atá le taobh Bhóthar Hearse agus Lána Cobbe

Tá an obair chaomhnaithe, atá beartaithe le tamall maith agus a áirítear i bPlean Caipitil Fhine Gall, de dhíth mar go bhfuil droch-chaoi ar chuid de bhalla an eastáit. Áireofar an chóipeáil spalla a atógáil ar an obair dheisiúcháin. Cuireadh cóta de rindreáil aoil, sliogán agus cloch ar an mballa chun é a chosaint ón aimsir ach tá sé sin creimithe anois de bharr go ndeachaigh an bháisteach isteach faoin rindreáil sin, rud a d'ídigh é thar na mblianta.

Bhí damáiste freisin déanta don bhalla de bharr chrainn a leagadh agus a thit sa mhullach air, mar sin, beidh gá na codanna sin den bhalla a atógáil.

Tógadh an balla ag an Droichead Nua le cloch agus le pointeáil aoil de réir an traidisiúin agus tá fianaise ann go bhféadfadh sé go raibh an balla clúdaithe le cóta tanaí de rindreáil aoil, sliogán agus cloch chun an balla a chosaint ón aimsir. Tá an cóta a bhí ar an mballa ídithe leis na céadta bliain agus tá sé tite ó chéile den chuid is mó agus an chloch fágtha gan aon chosaint.

Tugadh faoi obair anailíse agus suirbhéireachta, lena n-áirítear anailís ar an moirtéal, sular cuireadh tús leis an obair agus fuarthas go raibh cuid den rindreáil aoil, sliogán agus cloch fós ann, a thugann le fios go raibh an chuid seo den bhalla clúdaithe le cóta tanaí de rindreáil.

Tá bailchríoch dá leithéid ar bhallaí na gclós in aice leis an bpríomhtheach, rindreáil a bhfuil dath an ghainimh uirthi agus tá na clocha beaga agus na sliogáin le feiceáil ar dhromchla na mballaí agus iad gan cosaint ó thionchar na haimsire.

Is éard a dúirt Ailtire an Chontae, Fionnuala May: "Tá sé i gceist againn obair chaomhnaithe a dhéanamh ar an mballa ar fad, mar sin, ós rud é gurb í seo an chéad chéim, beidh an fhoireann chaomhnaithe ag obair leis an gconraitheoir chun an meascán ceart d'ábhar cuí a fháil a éireoidh níos séimhe ó thaobh dath le himeacht ama agus is fearr a thiocfaidh leis an mbailchríoch atá ann ón gcéad lá riamh. Tá iarrtha ar an gconraitheoir samplaí a chur ar fáil de bhailchríocha leis an rindreáil aoil, sliogán agus cloch a chur ar fáil chun go mbeidh an fhoireann chaomhnaithe ábalta athbhreithniú a dhéanamh orthu agus muid ag iarraidh an bhailchríoch is fearr is féidir a fháil do bhalla an eastáit."

Is iad James Oliver Hearty & Sons a bheidh ag tabhairt faoin obair, a rinne obair chaomhnaithe roimhe seo ar Chaisleán na Gráinsí, Caisleán Ráth Fearnáin agus Dún Bataire Ráth Maoláin agus go leor eile ina measc. Táthar ag súil go mbeidh an obair tugtha chun críche faoi Mheán Fómhair.