Oibreacha Crannadóireachta i nDiméin Dhroichead Nua, Geimhreadh 2021

Tabhair faoi deara go bhfuil sé beartaithe oibreacha riachtanacha crannadóireachta, lena n-áirítear prúnáil agus leagan a thosú i gcuid de Dhiméin Dhroichead Nua ar an 8 Samhain, 2021.

Newbridge House

Tabhair faoi deara go bhfuil sé beartaithe oibreacha riachtanacha crannadóireachta, lena n-áirítear prúnáil agus leagan a thosú i gcuid de Dhiméin Dhroichead Nua ar an 8 Samhain, 2021.

Rinneadh suirbhé ar chuid den choillearnach i nDiméin Dhroichead Nua in 2020 chun eolas a bhailiú faoi bhail agus sláinte na gcrann atá suite comhthreomhar le hAscaill Thuirbhe agus cosán poiblí laistigh de Dhiméin Dhroichead Nua. Bhí oibreacha prúnála agus leagan crann sceidealaithe ar bhonn céimnithe i gcuid den choillearnach seo bunaithe ar an tuarascáil a chuir an cranneolaí i dtoll a chéile.

Cuireadh tús leis na hoibreacha i rith gheimhreadh 2020 ach níor cuireadh na hoibreacha i gcrích mar gheall ar chúrsaí aimsire. Ní fhéadfaí na hoibreacha seo a chur i gcrích i rith mhíonna an tsamhraidh mar gheall ar cheanglais Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 1967.

Tá sé beartaithe anois tús a chur leis na hoibreacha riachtanacha prúnála agus leagan crann ar an 8 Samhain. Tá an obair sceidealaithe ag teacht le fís Chomhairle Contae Fhine Gall saintréithe oidhreachta na coillearnaí a choimeád, agus ag an am céanna coillearnach inbhuanaithe ar féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint aisti a chothabháil agus a sholáthar. Cuirfear oibreacha crannadóireachta (leagan, prúnáil crann agus plandaí athsholáthar a chur) i gcrích de réir Straitéis Crann Fhine Gall, an Phlean Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht agus na gcaighdeán Crannadóireachta is fearr.

Is crainn atá marbh, a bhfuil galar iontu, atá ag fáil bháis nó a bhfuil damáiste déanta dá struchtúr atá le leagan.  Tá gabhail chomhbhrú V-chruthacha le fáil i roinnt de na crainn atá sceidealaithe a leagan nó tá fianaise ar chineálacha éagsúla fungais le fáil iontu a dhéanann damáiste do shláine struchtúr an adhmaid. Chomh maith leis sin, bainfear roinnt crann óg, íseal-luacha, atá féinsíolaithe taobh leis an mballa stairiúil agus a bhfuil damáiste á dhéanamh acu don bhalla. Anuas air sin, leagfar roinnt crann Fraxinus (Fuinseog) a bhfuil comharthaí den ghalar Fraxinus Chalara, atá forleathan ar fud na tíre, tugtha faoi deara iontu.

Déanfar oibreacha prúnála ar chrainn d’fhonn a chinntiú go bhfuil siad sábháilte agus chun a struchtúr agus cobhsaíocht a fheabhsú áit a raibh foscadh acu ó chrainn a bhfuil sé beartaithe iad a leagan.

Bainfear speicis ionracha, go háirithe Prunus laurocerasus (Labhras silíní). Is planda ionrach neamhdhúchasach é seo, a mbíonn rath air sa scáth agus i gcoinníollacha triomaigh, agus a bhfuil an cumas aige plandaí dúchasacha tairbheacha a mharú. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar ag an bplanda seo ar shláinte crann trí dhul in iomaíocht leo le haghaidh cothaitheach agus uisce.  

Athphlandú.

Ainneoin go mbaineann tábhacht le baint crann agus tor, cuirfear crainn agus toir eile ina n-áit. Tá na plandaí a chuirfear oiriúnach don choillearnach stairiúil seo agus áirítear ina measc Ilex aquifolium (Cuileann), Corylus (Coll), Sorbus (Fionncholl), Crateagus, Raithneach, Feá, Crann Cnó Capaill, Dair, Giúis, Learóg agus Dair Thoilm.

 Cabhróidh sé seo chun an coillearnach a athnuachan agus rachaidh sé chun tairbhe na héiceolaíochta agus na haeistéitice agus soláthróidh sé inbhuanaitheacht agus bithéagsúlacht don todhchaí.

Féach ar an bhfíseán ina mínítear na hoibreacha atá beartaithe: https://www.youtube.com/watch?v=GSrcAVS_YCs