15 Mar 2021
St. Patrick's Day

Rogha Eile Chomhairle Contae Fhine Gall ar Cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís ina ndéanaimid ceiliúradh bródúil ar chultúr agus ar oidhreacht na hÉireann agus a dhéantar blaincéad fíorga glas a leathadh ar fud na cruinne. Cé go bhféadfadh Lá Fhéile Pádraig 2021 a bheith an-éagsúil ó na féilte a cuireadh ar bun i bhFine Gall i mblianta roimhe seo, is iontach an deis é chun sárthaispeántas a dhéanamh dár gceiliúradh eile a mhúsclóidh ár samhlaíocht agus a dhéanfaidh bhur gcruthaitheacht a spreagadh.

12 Mar 2021
Heritage

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2021

Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail don chéad uair i 2020 chun infheistíocht a sholáthar in oidhreacht seandálaíochta na hÉireann agus tá Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2021 oscailte d'iarratais anois.  Tugtar tosaíocht do chuid don mhaoiniú seo d’údaráis áitiúla, úinéirí príobháideacha agus coimeádaithe agus grúpaí pobail do chúram, caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomhathaí seandálaíochta.

Development Plan

Ceisteanna Coitianta

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, is féidir leat cuairt a thabhairt ar ár rannán Ceisteanna Coitianta.

10 Mar 2021
Parks

Comhairliúchán ar Thionscadal Forbartha Pháirc Bhéal Átha Liag

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag dul ar aghaidh le tionscadal forbartha páirce do Pháirc Bhéal Átha Liag, Baile Maidheac agus ba mhaith leo do thuairimí a fháil. Is é cuspóir an tionscadail teacht ar chomhaontú le páirtithe leasmhara agus fís inbhuanaithe a sholáthar do Pháirc Bhéal Átha Liag i bhfianaise fhás an daonra agus leibhéil rannpháirtíochta an phobail i bhfóillíocht ghníomhach atá ag méadú.