Tionscadal Forbartha Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór - Páirt 8

Tá áthas an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall tús a chur leis an bpróiseas pleanála foirmiúil do Thionscadal Forbartha Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór.

Bremore Park Coastal Park view

Tá áthas an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall tús a chur leis an bpróiseas pleanála foirmiúil do Thionscadal Forbartha Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór. Ag tosú i 2019, thug an Chomhairle faoi chomhairliúchán fairsing leis an bpobal áitiúil agus é mar aidhm aige fís chomhroinnte uaillmhianach a fhorbairt do thodhchaí Pháirc Bhrí Mhór. Ó shin i leith, in ainneoin na ndúshlán a chruthaigh Covid-19, cuireadh tús leis an obair chun an fhís sin a bheachtú i dtograí mionsonraithe. Baineadh é seo amach trí shraith fócasghrúpaí ar líne le páirtithe leasmhara agus comhlachtaí spóirt náisiúnta.

Is céim thábhachtach é an tionscadal forbartha páirce atá beartaithe chun an fhís fhadtéarmach don pháirc a bhaint amach. Clúdaíonn an tionscadal faoi stiúir Rannán Páirceanna agus Bonneagair Ghlais na comhairle an phríomh-bhonneagar atá riachtanach chun Brí Mhór a uasghrádú go stádas páirce réigiúnach agus chun freastal ar riachtanais an phobail áitiúil sa tslí is fearr agus is féidir. Dearadh na tograí páirce chun an t-oiriúnú is fearr a bhaint amach idir pháirc áineasa ghníomhach agus éighníomhach, naisc fheabsaithe le ceantair uirbeacha máguaird a sholáthar agus cur chuige íogair a ghlacadh maidir le tréithe amhairc, stairiúla agus éiceolaíochta an láithreáin.

Tá fócas an Iarratais Phleanála seo ar na tailte laistigh den pháirc siar ón líne iarnróid freisin agus ar an gcuid den pháirc soir ó dheas (ainmnithe mar Pháirc an Chósta nua) a chuimsíonn limistéar tionscadail os cionn 15 heicteár laistigh den pháirc. Tá an tionscadal forbartha páirce eagraithe faoi thrí limistéar ar leith:

Bremore Park Outdoor Trim Trail

Mol Spóirt agus Áineasa Bhaile Brigín

Soláthróidh an campas ilfheidhmeach seo spás do réimse gníomhaíochtaí spóirt mar shaoráid phoiblí roinnte; ina measc seo tá lúthchleasaíocht, páirceanna peile uile-aimsire le soilsiú tuile; páirc CLG lánmhéide, páirceanna sacair, cúirteanna cispheile, cúirteanna leadóige, rochtain ar charrchlós agus áiseanna athraithe. Tá forbairt an Mhol Áineasa ag Páirc Bhrí Mhór mar chuspóir de Phlean Forbartha Contae Fhine Gall atá ann faoi láthair. Rinne an Chomhairle comhairliúchán substaintiúil le páirtithe leasmhara lena chinntiú go dtugann na tograí aghaidh shuntasach ar riachtanais na gclubanna spóirt áitiúla.

Bremore Park Aerial View of recreational hub

Spásanna Oscailte an Limistéir Lárnaigh

Dearadh limistéar lárnach Pháirc Bhrí Mhór chun rochtain, cúrsaíocht agus tréscaoilteacht idir ceantair chónaithe in aice láimhe, an pháirc agus an fharraige a fheabhsú agus taitneamhacht fhisiceach agus nádúrtha an spáis a fheabhsú. I lár an spáis oscailte tá limistéar súgartha ‘nádúrtha’ le cnocáin féaraigh ardaithe agus gnéithe súgartha do leanaí níos óige agus áiteanna suíocháin dá dtuismitheoirí agus dá gcaomhnóirí, suite laistigh de roschoillte de phlandáil crann dúchasach, faiche, agus móinéir bláthanna fiáine. Moltar uasghrádú a dhéanamh ar an ngréasán reatha cúrsaíochta cosán mar aon le trealamh rianta aclaíochta i limistéir shocraithe feadh líonra an gcosán.

Bremore Park Central zone

Páirc an Chósta

Tá sé mar aidhm ag an togra do Pháirc an Chósta spás dírithe ar theaghlaigh a chruthú a éascaíonn súgradh, caitheamh aimsire gníomhach agus idirghníomhaíocht shóisialta. Cuirtear leis an gclós súgartha agus an t-ardán banna ceoil atá ann cheana le babhla scátála, cnocáin féir agus cúirt cispheile leathchúirte a thugann beogacht bhreise don spás seo. Beidh tírdhreachú bog ar phlandáil ornáideach agus ar chrainn laistigh de réimse poiblí ar ardchaighdeán le soilsiú poiblí, troscán sráide agus páirceáil rothar. Tabharfaidh áiteanna suíocháin deiseanna chun suí, breathnú agus taithí a fháil ar an bhfarraige.

Bremore Park - Coastal park

Comhthéacs Níos Leithne agus cuspóirí amach anseo

Ar an iomlán, tá na hoibreacha atá san áireamh i bhForbairt Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór atá beartaithe fairsing agus cruthóidh siad ardán chun cuspóirí breise amach anseo a bhaint amach. Soláthróidh an anailís leanúnach dearaidh agus bealaigh don Bhealach Cósta bonn eolais d’fhorbairt na bpáirceanna atá fágtha soir ón iarnród amach anseo. Tá roinnt foirgneamh oidhreachta tábhachtacha ann laistigh de theorainn níos leithne Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór lena n-áirítear an Túr Martello, Teach Folctha, Teach Bád, agus Iostán na gCloigíní. Is cuspóir é an úsáid chuí dóibh seo amach anseo a chaomhnú agus a iniúchadh, a bheidh mar chuid de phróisis féidearthachta, dearaidh agus pleanála amach anseo. Tá tuilleadh oibreacha ar Chaisleán Bhrí Mhór athchóirithe agus a úsáid  mar shócmhainn mhór oidhreachta agus turasóireachta do Bhaile Brigín faoi réir próiseas dearaidh agus pleanála comhuaineach a chuimseoidh tailte an chaisleáin agus bonneagar breise a bhaineann lena úsáid sa todhchaí. Comhlánóidh an tionscadal seo Tionscadal na Páirce Réigiúnaí go mórmhór.

Tá forbairt Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór ar cheann de phríomhchuspóirí na straitéise ‘Ár mBaile Brigín’, tionscnamh pobalthreoraithe atá dírithe ar Bhaile Brigín a athshamhlú agus a chlaochlú. Léireoidh ceadú agus cur i bhfeidhm an tionscadail seo na buntáistí a bhaineann leis an rannpháirtíocht phobail seo.

Nochtfaidh tionscadal Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór acmhainn áineasa ollmhór na dtaillte ard taitneamhachta atá ar theorainn thoir thuaidh Bhaile Brigín. Cruthóidh an pháirc nua caidreamh nua agus feabhsaithe idir an baile mór agus a thaitneamhachtaí cósta suntasacha.

Ag tógáil ar na comhairliúcháin phobail rathúla a tionóladh go dtí seo, spreagann an chomhairle aiseolas agus tuairimí go gníomhach ar Fhorbairt Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór atá beartaithe le linn  na tréimhse aighneachta ón 16ú Márta go dtí an 30ú Aibreán mar atá mionsonraithe san iarratas pleanála cuid 8 faoi iamh atá ar fáil anseo 

Dúirt Meara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Tá sé mar aidhm ag tionscadal uaillmhianach Forbairt Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór taitneamhacht mhór áineasa agus spóirt a sholáthar do dhaonra óg an bhaile atá ag fás agus ag an am céanna acmhainn nádúrtha an láithreáin a fheabhsú ar bhealach atá íogair dá oidhreacht nádúrtha agus thógtha. Is iontach an rud an tionscadal a fheiceáil ag dul ar aghaidh go céim iarratais phleanála Cuid 8.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Leanann Comhairle Contae Fhine Gall lena thiomantas chun go leor cuspóirí de Phlean uaillmhianach Athnuachana Ár mBaile Brigín a sholáthar don bhaile mór lena n-áirítear Tionscadal Forbartha Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór. Is toradh é an togra seo ar chomhairliúchán agus rannpháirtíocht fairsing agus is garsprioc shuntasach é maidir leis an bhfís fhadtéarmach don Pháirc a sheachadadh agus mholfainn do gach duine leanúint ar aghaidh ag dul i mbun plé leis an bpróiseas.”

 

Bremore Park  Context Plan