Tá tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall le hobair ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 agus tríd an Seomra Fíorúil seo tugtar deis duit páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas.
Mar gheall ar aois, méid, bail agus suíomh, ar an drochuair, le déanaí sainaithníodh roinnt de na crainn i Diméin Mhullach mar chrainn lena mbaineann riosca agus ní mór iad a leagan chun sábháilteacht an phobail a chinntiú. Tá oibreacha riachtanacha le déanamh ar roinnt de na crainn seo.
Tá ullmhú Phlean Forbartha Fhine Gall ar cheann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá ag Comhairle Contae Fhine Gall, ag gníomhú mar threoirphlean d’fhorbairt Fhine Gall ó thaobh cúrsaí fisiceacha, eacnamaíocha, sóisialta, agus comhshaoil de.
Is é foilsiú an Pháipéir Saincheisteanna an chéad chéim sa phróiseas déanta pleananna agus leagann sé amach roinnt de na saincheisteanna lárnacha d’Fhine Gall.
Is deis é Plean Forbartha Fhine Gall don phobal i gcoitinne a bheith páirteach i múnlú Fhine Gall don todhchaí agus ‘deis labhartha a bheith ag an bpobal’ i ndáil le nithe tábhachtacha cosúil le tithíocht, forbairt gheilleagrach, an pobal agus oidhreacht.
Bí linn fad a dhéanaimid ceiliúradh ar cheol traidisiúnta na hÉireann i seisiún ar líne le Conal Ó Gráda, Muireann Nic Amhlaoibh agus Billy Mag Fhloinn, Roisín Chambers agus Luke Ward, Caitlín Nic Gabhann agus Ciarán Ó Maonaigh, 6 Márta 8.30.