Comhairliúchán ar Thionscadal Forbartha Pháirc Bhéal Átha Liag

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag dul ar aghaidh le tionscadal forbartha páirce do Pháirc Bhéal Átha Liag, Baile Maidheac agus ba mhaith leo do thuairimí a fháil

Lanesborough Park Design Concepts

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag dul ar aghaidh le tionscadal forbartha páirce do Pháirc Bhéal Átha Liag, Baile Maidheac agus ba mhaith leo do thuairimí a fháil. Is é cuspóir an tionscadail teacht ar chomhaontú le páirtithe leasmhara agus fís inbhuanaithe a sholáthar do Pháirc Bhéal Átha Liag i bhfianaise fhás an daonra agus leibhéil rannpháirtíochta an phobail i bhfóillíocht ghníomhach atá ag méadú.

Breithniú tábhachtach ar an tionscadal forbartha páirce atá beartaithe ba ea measúnú a dhéanamh ar thábhacht agus ar ról straitéiseach Pháirc Bhéal Átha Liag maidir lena cheantar. Féachfaidh Páirc Bhéal Átha Liag le soláthar áiseanna áineasa áitiúla lasmuigh do leanaí agus do dhaoine fásta agus tacú le forbairt féiniúlachta don cheantar.

Tá sé mar aidhm ag an Tionscadal Forbartha Páirce trealamh aclaíochta, láthair chun liathróid a chiceáil thart/láthair phicnicí neamhfhoirmeálta mar aon le móinéir bláthanna fiáine dúchasacha a ionchorprú. Éascóidh conair shúgartha nasctha teagmháil shóisialta, aclaíochta agus súgartha eachtraíochta do leanaí. Moltar gairdín pobail a chuimsíonn conair chéadfach agus limistéar súgartha do leanaí óga freisin. Bainfidh an pháirc leas as soláthar méadaithe le haghaidh áineasa éighníomhach agus ghníomhach.

Tá rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus an phobail lárnach sa tionscadal. Tionóladh cruinniú tosaithe ar an 26ú Samhain le hionadaithe áitiúla, páirtithe leasmhara agus cónaitheoirí i gceantar Bhaile Maidheac chun an tionscadal a chur i láthair agus an anailís tosaigh a imlíniú. Spreagann an Chomhairle aiseolas agus tuairimí go gníomhach anois ar an Tionscadal Forbartha Páirce atá beartaithe tríd an tairseach comhairliúcháin chun a chinntiú go dtugann na tograí aghaidh agus freagra cothromaithe ar na dúshláin agus na deiseanna agus go ndéanann siad carachtar agus comhthéacs uathúil an cheantair a aithint agus a chothú.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: Soláthróidh an fhorbairt seo ar Pháirc Bhéal Átha Liag taitneamhacht agus coílár tábhachtach don phobal áitiúil agus cuideoidh sé le mothú áite tábhachtach a chothú ann. Mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin.”

Dúirt Matthew McAleese, An Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta d’áiseanna áineasa ionchuimsitheacha lasmuigh ar ardchaighdeán a sholáthar agus inbhuanaitheacht agus bithéagsúlacht a ionchorprú sna spásanna seo. Táimid tiomanta teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara go léir agus baill an phobail chun fís inbhuanaithe a fhorbairt do Pháirc Bhéal Átha Liag do gach duine i gceantar Bhaile Maidheac.”

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh tríd an tairseach atá ar fáil ag https://consult.fingal.ie/en/consultation/lanesborough-park-development-project nó de rogha air sin tríd an bpost chuig Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co Bhaile Átha Cliath K67 X8Y2. Is é an 31ú Márta, 2021 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí. 

 

Lanesborough Park Projet Developement Plan