Agus tús á chur leis an bPlean Forbartha nua, iarrann an Chomairle ar an bpobal páirt a ghlacadh ann

Advert for Fingal Development Plan 2023-2029

Tá tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall ar an athbhreithniú ar Phlean Forbartha reatha Fhine Gall agus le Plean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 a ullmhú, agus táthar ag spreagadh an phobail chun go nglacfaidís páirt ghníomhach sa phróiseas, rud a thógfaidh dhá bhliain sula mbeidh sé críochnaithe. 

Inniu an chéad lá de chomhairliúchán poiblí ocht seachtaine maidir leis  an bPáipéar Saincheisteanna Straitéiseacha, an chéad chéim den phróiseas, ina leagtar amach roinnt de na príomhthopaicí a mbeidh sé riachtanach dul i ngleic leo sa Phlean Forbartha nua.

Ba mhaith leis an gComhairle díospóireacht phoiblí a spreagadh i measc saoránach, lucht gnó, grúpaí pobail agus páirtithe leasmhara eile ar na príomhcheisteanna ar chóir a chur san áireamh sa Phlean nua, agus is féidir le saoránaigh agus le heagraíochtaí aighneachtaí a chur isteach ar líne go dtí Bealtaine 12 ar Thairseach Comhairliúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall, www.consult.fingal.ie.   

 Scaipfear Leabhrán Eolais, ina ndéanfar achoimriú ar na seacht téama sa Pháipéar Saincheisteanna Straitéiseacha, ar theaghlaigh i bhFine Gall ó Mhárta 22 ach is féidir an dá rud a fheiceáil anois ar www.fingal.ie/developmentplan.

Is iad na seacht téama ná: Daoine agus Áit, Gníomhú ar son na hAeráide, Nascacht agus Gluaiseacht, Fostaíocht, Geilleagar & Aerfort Bhaile Átha Cliath, Oidhreacht Chultúrtha, Infreastruchtúr Glas & Oidhreacht Nádúrtha, agus Infreastruchtúr & Fóntais.

In Aibreán reáchtálfar ceithre sheimineár comhairliúcháin ar líne ina mbeidh ocht cur i láthair san iomlán ar thopaicí a ardaítear sa Pháipéar Saincheisteanna Straitéiseacha, agus tá ceardlann Minecraft á forbairt freisin chun saoránaigh óga a spreagadh le go nglacfaidís páirt. Beidh nascanna don mhéid seo go léir le fáil in am trátha ar shuíomh gréasáin an Phlean Fhorbartha agus ar chainéil mheáin shóisialta na Comhairle. Tá sé i gceist ag an gComhairle úsáid a bhaint as an haischlib #FingalDevPlan ar phostanna meáin shóisialta maidir leis an bPlean Forbartha.

Tá sé sceidealta go rithfidh an Plean Forbartha ar feadh dhá bhliana agus i gceist beidh trí chéim comhairliúcháin phoiblí sula nglacann Comhairleoirí leis an bplean deiridh i Feabhra 2023. Sa chéim atá ann anois, ar a dtugtar an chéim réamhdréachta, leagtar amach an treo straitéiseach don Phlean agus beidh sí ina bhunús don chreat ina mbeidh na spriocanna agus na polasaithe a thiocfaidh chun cinn ag na céimeanna níos déanaí.

Agus é ag seoladh an Phlean Forbartha inniu, le linn cruinnithe ar líne ina raibh Comhairleoirí, Oifigigh Comhairle Sinsearacha agus an Fhoireann don Phlean Forbartha  i láthair, dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. David Healy: “athbhreithniú a dhéanamh ar Phlean Forbartha agus glacadh leis, is próiseas é sin atá ar cheann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá le déanamh ag na baill tofa, Beidh sé ina threoirphlean maidir le forbairt Fhine Gall ó thaobh na forbartha fhisiciúil, eacnamaíoch, shóisialta agus ó thaobh na timpeallachta de. Baineann sé linn go léir – conas a úsáidimid ár dtailte, cén áit a thógaimid tithe, an fhostaíocht agus áiseanna pobail.  Beidh tionchar aige ar conas a fhreagraímid ar an Athrú Aeráide, conas a chosnaímid an Nádúr agus conas a thugaimid ar ais é, conas a bhogaimid timpeall, cén áit ina gcónaímid agus n-oibrímid, ár sláinte agus an caighdeán maireachtála atá againn mar dhaoine aonair, mar theaghlaigh agus mar phobail.

“Beidh na polasaithe agus na spriocanna laistigh den Phlean ina mbunús do na cinntí a dhéantar i dtaca le hiarratais phleanála agus go leor gnéithe eile d’obair na Comhairle. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis maidir lenár bhfreagairt ar an Athrú Aeráide. Ta sé aitheanta ag Comhairle Contae Fhine Gall agus ag Dáil Éireann araon gur Éigeandáil Aeráide é seo. Tá dhá dhúshlán romhainn – an geilleagar agus an tsochaí a dhícharbónú, agus chomh maith leis sin, dul in oiriúint ar an athrú aeráide a bheidh ann mar thoradh ar na hastaíochtaí a bhí ann go dtí seo. Chun é seo a dhéanamh, ní mór dúinn a chinntiú go gcuirfidh an Plean Forbartha ar an mbealach ceart muid,” a dúirt an Méara freisin.

Dúirt Príoimhfheidhmeannach Chomairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly,: “Tá an t-athbhreithniú ar an bPlean Forbartha ag tarlú ag am dúshlánach nach bhfacthas riamh cheana de bharr tionchar na paindéime, an Athraithe Aeráide agus Brexit. Ach is deiseanna iad na dúshláin seo freisin cur lenár bhfís go mbeidh Fine Gall ina áit iontach chun maireachtáil ann, chun obair ann agus chun gnó a dhéanamh ann. Beidh ról an-tábhachtach ag an gcéad chéim seo den chomhairliúchán i dtaca leis an bPlean Forbartha a dhréachtadh agus táimid ag tabhairt cuireadh do shaoránaigh, do phobail, d’eagraíochtaí, do ghnólachtaí agus do pháirtithe leasmhara bheith páirteach agus a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an bhforbairt atá i gceist dár gcontae. Cinnteoidh sé seo go bhfreagróidh an Plean Forbartha ar na hardaidhmeanna atá ag daoine don chontae agus ag an am céanna, go rachaidh sé i ngleic le haon chúis imní a d’fhéadfadh a bheith acu.” 

Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Pleanála agus Infreastruchtúir Straitéisigh de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is í an chéad chéim i bpróiseas an Phlean Forbartha ná an Páipéar Saincheisteanna Straitéiseacha a fhoilsiú, agus cuireann an doiciméad i láthair achoimre ar na saincheisteanna straitéiseacha atá sa Chontae. Faoi seacht dtéama, leagann sé amach roinnt de na príomhcheisteanna a mbeidh gá dul i ngleic leo faoin bPlean nua.  Ag an gcéim luath seo, táimid ag lorg ionchur ar na saincheisteanna leathana seo. Ní cóir moltaí ar leith a dhéanamh anois maidir le zónáil tailte mar ní féidir iad a mheas fós.” 

Ní mór aighneachtaí ar an bPáipéar Saincheisteanna Straitéiseacha a chur isteach roimh 11.59pm ar 12 Bealtaine agus is féidir é seo a dhéanamh ag www.consult.fingal.ie nó leis an bpost chuig Foireann an Phlean Fhorbartha, an Rannóg Pleanála agus Infreastruchtúir Sraitéisigh, Comhair.e Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sord, Co Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2.

Is féidir próiseas an Phlean Fhorbartha a bhriseadh síos i gceithre chéim:

Céim 1: Foilsítear an Páipéar Saincheisteanna Straitéiseacha. Tar éis do na haighneachtaí a bheith faighte, tiomsófar tuarascáil de chuid an Phríomhfheidhmeannaigh agus  úsáidfear í seo mar ullmhúchán don Dréachtphlean Forbartha.

Céim 2: Cuirfear an Dréachtphlean Forbartha amach i Feabhra 2022 don chomhairliúchán poiblí, agus ina dhiaidh sin ullmhófar tuarascáil eile de chuid an Phríomhfheidhmeannaigh maidir leis na haighneachtaí a fuarthas agus cuirfear faoi bhráid na gcomhairleoirí í chun í a mheas. 

Céim 3: Beidh comhairliúchán poiblí eile ann ar an Dréachtphlean Forbartha Leasaithe i mí na Samhna 2022, agus ina dhiaidh sin beidh tuarascáil eile de chuid an Phríomhfheidhmeannaigh maidir leis na haighneachtaí a fuarthas. 

Céim 4: Déanfaidh na comhairleoirí Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh a mheas in Eanáir 2023 agus tá sé i gceist go nglacfaidh siad leis an bPlean Forbartha 2023-2029 i mí Feabhra 2023. Tiocfaidh an Plean Forbartha nua i bhfeidhm sé seachtaine tar éis é a bheith glactha ag na baill tofa. 

Tá tuilleadh eolais ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 le fáil ag www.fingal.ie/developmentplan