05 Oct 2021
Active Travel

Seachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre - Acmhainní do Mhúinteoirí

Is iontach an deis í Seachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre, idir an 4 agus an 10 Deireadh Fómhair 2021, do mhúinteoirí a bheith ag plé sábháilteachta ar bhóithre sa seomra ranga. Tá acmhainní ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) curtha i dtoll a chéile againn le gur féidir leat úsáid a bhaint astu chun pleananna ceachta a chruthú, beag beann ar aois na ndaltaí.

29 Sep 2021
Funding

Scéim um Dheontais Chaipitil d'Fhiontair Shóisialta 2021

Is ionann an Scéim um Dheontais Chaipitil d'Fhiontair Shóisialta 2021 agus tionscnamh amháin atá á ghlacadh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin mBeartas d'fhonn tacú le fiontair shóisialta agus is tionscnamh é atá comhlántach ar thacaíochtaí eile a chuireann an Roinn ar fáil.

15 Sep 2021
Libraries

​​​​​​​Féile Staire Fhine Gall 2021 seolta i gCaisleán Shoird

Sheol an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall, an cúigiú Féile Staire  Dé Máirt an 14 Meán Fómhair agus beidh na cainteanna ar fad á gcur ar fáil ar chainéal YouTube agus ar ardáin meán sóisialta Leabharlanna Fhine Gall i rith sheachtain na Féile ón 25 Meán Fómhair go dtí an 2 Deireadh Fómhair.