​​​​​​​Féile Staire Fhine Gall 2021 seolta i gCaisleán Shoird

Sheol an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall, an cúigiú Féile Staire  Dé Máirt an 14 Meán Fómhair agus beidh na cainteanna ar fad á gcur ar fáil ar chainéal YouTube agus ar ardáin meán sóisialta Leabharlanna Fhine Gall i rith sheachtain na Féile ón 25 Meán Fómhair go dtí an 2 Deireadh Fómhair. 

Festival of History 2021

Sheol an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall, an cúigiú Féile Staire  Dé Máirt an 14 Meán Fómhair. 

Beidh Féile Staire Fhine Gall á eagrú ar líne i mbliana agus na cainteanna ar fad á gcur ar fáil ar chainéal YouTube agus ar ardáin meán sóisialta Leabharlanna Fhine Gall i rith sheachtain na Féile ón 25 Meán Fómhair go dtí an 2 Deireadh Fómhair. 

Beidh Lá Staire ag an gCaisleán ar an gclár arís i mbliana le cainteoirí ag déanamh cur i láthair faoi théamaí éagsúla maidir leis an Teorainn, an Sos Cogaidh, an Conradh Angla-Éireannach agus gnéithe eile polaitíochta a raibh tábhacht leo i rith an ré sin i stair na hÉireann.

Dúirt an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall,  “Tá meascán iontach ábhair i gceist le Féile Staire Fhine Gall i mbliana de stair na háite agus de stair na tíre agus beidh an-taitneamh as ag daoine a bhfuil spéis acu i ré na réabhlóidíochta in Éirinn.  Rinneadh ceol, amhránaíocht agus cainteanna staire a thaifeadadh i gCaisleán Shoird, ionad iontach lena mbaineann tábhacht staire agus cultúir.”

Deir Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae: “Cé go bhfuil na seirbhísí leabharlannaíochta ag teannadh níos gaire don ghnáthchineál arís, beidh tamall eile ann sular féidir ábhar a chur i láthair lucht éisteachta beo sna leabharlanna.  Beidh Féile Staire na bliana seo á eagrú ar líne le cainteanna taifeadta a chraolfar ar chainéal YouTube Leabharlann Fhine Gall agus ar na hardáin meán sóisialta.  Tá clár spéisiúil leagtha amach ag Meitheal Imeachtaí na Leabharlainne faoi réimse ábhair maidir leis an Teorainn, an Sos Cogaidh agus an Conradh Angla-Éireannach chomh maith le hábhar áitiúil de leithéid Stáisiún an Gharda Cósta ag Ballaí Robac & Mór-Iarnród an Tuaiscirt.

Deir Emer O’Gorman, an Stiúrthóir Seirbhísí: “Is cúis ríméid dom go bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh leis an gclár iontach seo i mbliana le leagan amach mar a bhí againn anuraidh.  Cé go mbeidh na cainteanna dírithe ar an Teorainn, ar an Sos Cogaidh agus ar an gConradh Angla-Éireannach, beidh béim faoi leith freisin ar an saol i bhFine Gall agus mholfainn d'oiread daoine agus is féidir leo na cainteanna a bhreathnú ar ardáin éagsúla meán sóisialta Leabharlann Fhine Gall.”

Ar na cainteanna atá á dtaifeadadh sa Séipéal i gCaisleán Shoird, tá achoimre ar an saol a bhí á chaitheamh ag daoine i bhFine Gall i rith na bliana 1921 le Declan Brady, spléachadh ar an gcaoi a ndeachaigh deighilt na tíre i gcion in Éirinn leis an staraí Cormac Moore, an gnáthshaol i rith ré neamhghnách le Lou Boland, Próiseas na Síochána & an Sos Cogaidh le John Dorney agus Bernard Kelly agus caint dar teideal “Dark Days, Homeward Bound to Better Times” leis an gComhairleoir Cathal Boland. Chomh maith leis sin, pléann Brian Gallagher, údar leabhar do leanaí, an bunábhar staire a bhí ina spreagadh leis an leabhar Taking Sides, féachann Garry Ahern ar mheath an Gharda Cósta i mBallaí Robac, pléann Siobhán Osgood gnéithe ailtireachta agus gnéithe staire maidir le Mór-Iarnród an Tuaiscirt agus tugann Bernard Kelly cuntas ar an ngluaiseacht i gcoinne vacsaíní i rith ré na réabhlóidíochta. 

Chun clabhsúr a chur leis an bhféile, beidh ceol agus amhráin maidir leis an tréimhse á gcur i láthair ag David O’Connor le tionlacan ó Aidan agus Helen Lawlor agus beidh an t-amhrán ‘Shanagolden’ ar cheann de na hamhráin a chanfar.

Tá breis eolais faoin bhFéile ar fáil ó:

Marguerite Drake – Teil: 01 8905531 Enda Greene – Teil: 01 8905531

Ríomhphost: - [email protected]

Imeachtaí & Caidreamh Poiblí Leabharlann Fhine Gall

 

Festival of History 2021