Tosaíochtaí Straitéiseacha Shoird Inbhuanaithe Oscailte do Chomhairliúchán

Sustainable Swords Hero Image

Thug Comhairle Contae Fhine Gall cuireadh in earrach na bliana 2021 d'áitritheoirí agus gnólachtaí áitiúla a bheith páirteach i dtionscadal comhfhorbartha áite Shoird Inbhuanaithe. Thug an suirbhé 'Soird s'agatsa, Tuairimí s'agatsa' (Your Swords, Your Say) deis do dhaoine a dtuairimí a thabhairt ar an mbealach is fearr le Soird a fhorbairt go hinbhuanaithe.

Tá léargas ón suirbhé taighde tugtha le chéile le Plean Forbartha Contae Fhine Gall 2017-2023 le bheith faoi réir do na téamaí seo atá ag teacht chun cinn. Tá an-ríméad go deo anois ar Chomhairle Contae Fhine Gall na Téamaí atá ag Teacht Chun Cinn do straitéis Shoird Inbhuanaithe a chur i láthair.

Is éard atáthar ag iarraidh a bhaint amach le Soird Inbhuanaithe ná cur chuige ilghnéitheach i ndáil le pleanáil, leagan amach agus bainistiú an bhaile, d'fhonn áiteanna ar chaighdeán níos fearr a bhaint amach don timpeallacht fhisiciúil don saol i Soird. Tá sé i gceist le Soird Inbhuanaithe lár bhaile stairiúil Shoird a dhaingniú agus a neartú. Leagfar cuspóirí sonracha amach faoin tionscadal chomh maith do lár an bhaile agus é mar aidhm teacht aniar an gheilleagair áitiúil a mhéadú agus timpeallacht uirbeach níos fearr, inrochtana, chuimsitheach, oiriúnach do leanaí agus fholláin a chothú. Baile bríomhar do chách.

Tá cáipéis 'téamaí atá ag teacht chun cinn' foilsithe inniu. Tugtar cuireadh don phobal na téamaí seo a fhiosrú agus a gcuid tuairimí agus barúlacha a roinnt. Tá aiseolas ó mhuintir agus ó ghnólachtaí na háite riachtanach sa chéim forbartha straitéisí seo chun go n-éireoidh le Soirt Inbhuanaithe.

Tá a cuid tacaíochta tugtha ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, don chéim seo den chomhairliúchán poiblí. 'Ní mór gur obair i gcomhair ceart leis an bpobal a bheadh i gceist le fís a chruthú do Shoird Inbhuanaithe. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag cur na dtéamaí seo i láthair ar mhaith le rannpháirtíocht an phobail ar phríomhábhair a spreagadh. Tá de dheis ag gach duine atá ina chónaí nó ag obair i Soird tionchar a imirt ar na pleananna seo agus tá fáilte roimh gach duine a bheith páirteach'.

Tá an cháipéis Téamaí atá ag Teacht Chun Cinn Shoird Inbhuanaithe ar fáil lena bhreathnú ag an bpobal lena dtuairimí a thabhairt ón lá inniu, Dé Máirt an 28 Meán Fómhair. Fanfaidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh tréimhse 4 seachtainí. Tionólfar seimineár ar líne poiblí ar an 12 Deireadh Fómhair do na daoine sin ar mhaith leo tuilleadh a fháil amach faoin tionscadal ón bhfoireann agus ó chomhairleoirí.

Ní bheidh sé ar chumas Chomhairle Contae Fhine Gall, mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 agus na srianta sláinte poiblí ar dhaoine a bheith ag teacht le chéile faoi láthair, imeacht comhairliúcháin phoiblí ag a mbeidh an pobal i láthair a eagrú le linn an bhabhta comhairliúcháin seo.

Deir Matthew McAleese, Stiúrthóir Seirbhísí do Phleanáil agus Bonneagar Straitéiseach i gComhairle Chontae Fhine Gall, go bhfuil aiseolas ar an scéim thar a bheith tábhachtach. 'Tá cuireadh ag gach duine an cháipéis Téamaí atá ag Teacht Chun Cinn a léamh ar líne agus a gcuid tuairimí a sheoladh chugainn trí úsáid a bhaint as an tairseach Consult nó iad a chur chugainn ar an bpost. Léimid agus foilsímid gach aighneacht agus glacfar san áireamh iad de réir mar a bheidh na pleananna do Shoird Inbhuanaithe ag déanamh dul chun cinn ar thionscnaimh shonraithe lena gcur i láthair ag tús na bliana 2022. Ní ghlacann sé ach cúpla nóiméad aighneacht a dhéanamh agus is é sin an bealach is fearr le tionchar a bheith agat ar do cheantar áitiúil amach anseo.'  

Déardaoin an 4 Samhain 2021 an dáta deireadh chun aighneacht a dhéanamh agus ní mór aighneachtaí ar an bpost agus ar líne a bheith faighte againn roimh 11:59pm. D'fhéadfaí nach ndéanfaí aighneachtaí a fhaightear ina dhiaidh sin a chlárú.

Tionólfar seimineár ar líne, a mbeidh fáilte roimh chách aige, ar an 12 Deireadh Fómhair 2021. Cloisfidh an pobal ó fhoireann an tionscadail agus beidh deis acu ceisteanna a chur. Is féidir clárú le freastal ar an imeacht sin anseo:  https://www.fingal.ie/sustainableswords