Fógra faoi Mheasúnú ar Thithíocht Shóisialta 2021

Tá Achoimre ar an Measúnú ar Thithíocht Shóisialta á hullmhú ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi láthair i gcomhréir le hAlt 21 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009.

Housing Image Key

Tá Achoimre ar an Measúnú ar Thithíocht Shóisialta á hullmhú ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi láthair i gcomhréir le hAlt 21 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009.

Iarrann an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar na hÚdaráis Áitiúla go léir chun an measúnú seo a dhéanamh ar gach duine a chuir isteach ar thacaíocht tithíochta sóisialta.

Is é cuspóir an Mheasúnaithe chun an líon mór teaghlach a dheimhniú a cháiligh do thacaíocht tithíochta sóisialta ar fud an chontae nach bhfuiltear ag freastal ar a riachtanas tithíochta sóisialta, chun tuiscint a fháil ar a mhéid a theastaíonn an tacaíocht sin.

Tá teagmháil á déanamh ag an gComhairle le hiarratasóirí áirithe a chuir isteach ar thacaíocht tithíochta sóisialta roimh an 30 Iúil 2020 lena dheimhniú go dteastaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta uathu go fóill. Caithfidh gach iarratasóir a dheimhniú don Chomhairle go dteastaíonn an tacaíocht uathu tríd an bhfoirm mheasúnaithe a eisíodh a líonadh. Ní scríobhfar chuig iarratasóirí a rinne iarratas i ndiaidh an 30 Iúil 2020 mar gheall go ndearnadh measúnú ar do chomhad le déanaí agus ní gá teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle murach go dtagann athrú ar chúinsí.

Ní chuirtear iarratasóirí ar aistriú, iarratasóirí a bhfuil an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) á fáil acu agus tionóntaí na Scéime Cóiríochta Cíosa san áireamh sa mheasúnú seo.

Seol d’fhoirm ar ais tráth nach déanaí ná an 22 Deireadh Fómhair 2021 lena chinntiú go gcuirtear d’iarratas san áireamh sa mheasúnú seo.

Mar gheall go bhfuil COVID 19 buailte linn, d’iarrfaimis ort d’fhoirm mheasúnaithe líonta a sheoladh ar ais sa phost, más féidir, sa chlúdach litreach réamhíoctha a chuirtear ar fáil, agus tráth nach déanaí ná, an 22 Deireadh Fómhair 2021.

Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí Cathartha, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

Uaireanta Oscailte:      Ó Luan go Déardaoin idir 9.00am agus 5.00pm, an Aoine idir 9.00am agus 4.30pm

Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2

Uaireanta Oscailte:      Ó Luan go Déardaoin idir 9.00am agus 5.00pm, an Aoine idir 9.00am agus 4.30pm

Déanfar measúnú ar gach foirm a sheoltar chuig an gComhairle lena chinntiú go leanann tacaíocht tithíochta sóisialta a bheith ag teastáil i gcónaí ó gach iarratasóir. Tá sé thar a bheith tábhachtach go líontar foirmeacha go hiomlán agus go gcuirtear an t-eolas ábhartha go léir ar fáil orthu.

Mura dteastaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta ó iarratasóir a thuilleadh nó mura bhfuil sé/sí incháilithe é a fháil a thuilleadh, dúnfar a gcomhad.

Faigh Amach Níos Mó Measúnú ar Thithíocht Shóisialta