Déanann Fine Gall Comóradh ar Íospartaigh Covid-19 ar Lá Idirnáisiúnta Daoine Scothaosta

Rinneadh comóradh speisialta ar maidin do shaol na ndaoine a cailleadh de bharr Covid-19, nuair a chuir Méara Fhine Gall an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, in éineacht le AnnMarie Farrelly Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, crann cuimhneacháin i bPáirceanna an Bhaile, Sord.

Commemorative tree planting 1

Rinneadh comóradh speisialta ar maidin do shaol na ndaoine a cailleadh de bharr Covid-19, nuair a chuir Méara Fhine Gall an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, in éineacht le AnnMarie Farrelly Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, crann cuimhneacháin i bPáirceanna an Bhaile, Sord. Tá an plandú crann seo ar siúl ar fud na tíre chun Lá Idirnáisiúnta Daoine Scothaosta, a bheidh ar siúl Dé hAoine, 01 Deireadh Fómhair, a chomóradh, agus tá sé mar bhuaic den tSeachtain um Aosú Dearfach i bhFine Gall.

Tá plandú na gcrann mar chuid d’fheachtas náisiúnta faoi stiúir John Keogh, a chaill a dheirfiúr Amanda de bharr Covid-19 in 2020, d’fhoraois cuimhneacháin náisiúnta. Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas go gcuirfear i bhfad níos mó crann chun comóradh a dhéanamh ar gach duine a fuair bás chomh maith leo siúd a rinne íobairtí ollmhóra chun seirbhísí líne tosaigh a sholáthar i rith na paindéime.

Labhair Méara Fhine Gall an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh faoin tionchar a bhí ag Covid-19 ar dhaoine scothaosta go háirithe. ‘Nuair a rinne ár seandaoine cocúnú, thug siad suas a bhfolláine shóisialta chun fanacht sábháilte sa bhaile agus chaill siad an deis thábhachtach brón a dhéanamh le chéile agus sólás a thabhairt dá chéile nuair a bhásaigh cairde agus gaolta. Inniu, tá sé tábhachtach stopadh ar feadh tamaill, aitheantas a thabhairt don íobairt sin agus na daoine sin a thabhairt chun cuimhne.'

Labhair AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, freisin faoi thábhacht an chuimhneacháin. 'Chuaigh Covid-19 i bhfeidhm go mór ar ár bpobail ach thacaigh muintir an phobail lena gcairde, a dteaghlaigh agus a gcomharsana nuair a bhí gá leis. Inniu ar Lá Idirnáisiúnta Daoine Scothaosta déanaimid comóradh ní amháin orthu siúd a bhásaigh go tragóideach, ach cuimhnímid freisin ar an gcúram agus ar an gcineáltas a chabhraigh linn le linn na tréimhse crua sin.'

Cuireadh an crann comórtha seo in aice leis an gcreig-ghairdín laistigh de Pháirceanna an Bhaile agus roghnaíodh an áit seo mar gheall ar a shuíomh suaimhneach i Sord, baile contae Fhine Gall. Áit í seo inar féidir le cuairteoirí machnamh ciúin a dhéanamh ar a ngaolta féin agus orthu siúd go léir a fuair bás ar fud na paindéime.

 

Commemorative tree planting