Corrthrádáil - Fodhlíthe agus Iarratais

Tá Ceantair Chorrthrádála ainmnithe ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi Fhodhlíthe um Chorrthrádáil 2021 a cheadaíonn earraí sonraithe a dhíol ag áit (lena n-áirítear bóthar poiblí) a bhfuil rochtain ag an bpobal air mar is ceart agus in aon áit eile ar Limistéar Chorrthrádála ainmnithe é.

Clúdaíonn na Fodhlíthe um Chorrthrádáil rialú, rialáil, maoirseacht agus riarachán trádála ócáideach i gceantar Fhine Gall.

 

Síneadh ar Scéim Phíolótach Sána Soghluaiste (Lasmuigh den Séasúr Buaic)

Tá Roinn Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall ag lorg iarratas ar scéim phíolótach saunas soghluaiste ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Márta 2026 (Lasmuigh den Séasúr Buaic) Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt faoi deara nach mór do na saunas a bheith soghluaiste agus nach gá soláthar uisce príomhlíonra ná leictreachais a bheith ag teastáil uathu. Is é Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair 2025 ag 12.00pm an dáta deiridh le haghaidh léirithe spéise

Féach sonraí iomlána faoi conas iarratas a dhéanamh agus láithreacha: Síneadh ar Scéim Phíolótach Sauna Soghluaiste (Lasmuigh den Séasúr Buaic)  Foirm Iarratais ar Cheadúnas Trádála Séasúrach Sauna Soghluaiste - Lasmuigh den Séasúr

Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall ó thrádálaithe leasmhara ar Láithreacha Corrthrádála don tréimhse 1ú Márta 2025 – 28ú Feabhra 2026.

Is é an 26 Feabhra ag 4pm an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil.

Liosta Limistéar atá ar fáil mar Limistéir Chorrthrádála Anseo 

Íoslódáil Fógra- Download advert

Foirm Iarratais ar Cheadúnas Corrthrádála Limistéar Ainmnithe Anseo

Léarscáileanna de Limistéir Chorrthrádála Ainmnithe:

Caisleán Cnucha/Mullach Eadrad  Map CTCM0

Baile Brigín/Sord 1  Map CTBS01

Baile Brigín/Sord 2 Map CTBS02

Binn Éadair Mullach Íde   Map CTHM01

 

Is cion é trádáil gan Cheadúnas Corrthrádála agus mar sin ní mór d’aon duine ar mian leo dul i mbun Chorrthrádáil laistigh de cheantar riaracháin Chomhairle Contae Fhine Gall iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle ar Cheadúnas Corrthrádála.

Ní bhreithneofar iarratais neamhiomlána.

iÍoslódáil  Fodhlíthe um Chorrthrádáil Chomhairle Contae Fhine Gall 2021

Fodhlíthe um Chorrthrádáil Chomhairle Contae Fhine Gall 2021

Casual Trading Bye-Laws 2021