Resort Residency – Clár Revelations ag filleadh ar Leithinis Dhomhnach Bat/Phort Reachrannninsula

Beidh Resort Residency – Clár Revelations ag filleadh ar Leithinis Dhomhnach Bat/Phort Reachrann ón 8 go dtí an 10 Deireadh Fómhair. Is é Resort Residency clár ealaíontóra uathúil Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall a bheidh lonnaithe ag Lynders Mobile Home Park i bPort Reachrann.

Future happiness Resort Residency

Beidh Resort Residency – Clár Revelations ag filleadh ar Leithinis Dhomhnach Bat/Phort Reachrann ón 8 go dtí an 10 Deireadh Fómhair. Is é Resort Residency clár ealaíontóra uathúil Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall a bheidh lonnaithe ag Lynders Mobile Home Park i bPort Reachrann. Tá breis is 40 ealaíontóirí Éireannacha i ndiaidh páirt a ghlacadh ann ón mbliain 2015, iad go léir spreagtha saothar a chruthú a théann i ngleic leis an gceantair áitiúil, saothar atá feicthe ag lucht spéise áitiúil agus ag lucht spéise as áiteanna níos faide i gcéin.

In 2020/2021 thugamar cuireadh d'ealaíontóirí ó chónaitheachtaí ealaíontóra sa tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí (NFMHS), an clár Other People’s Practices (OPP) – Emma Finucane, Glenn Loughran, Johnathan Cummins agus do stiúrthóir an chláir, John Conway. Thug na healaíontóirí sin cuairt ar Phort Reachrann agus ceist ar leith ar intinn acu - ba é sin an méid ar féidir a chur leis an obair atá déanta acu sa tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí a scrúdú, seirbhís a bheidh á haistriú chuig campas úrscothach in aice le hOspidéal Naomh Íde i bPort Reachrann. D'oibrigh na healaíontóirí go díreach le cliaint an ospidéil ag céimeanna éagsúla le linn a dturais téarnaimh agus rinne siad saothar a fhorbairt i dteannta a chéile a dhírigh ar thaithí na ndaoine aonair sa chomhthéacs sin.

Féachadh le lúcháir agus neamhspleáchas comhchoiteann a chothú leis na ceardlanna agus na próisis a chuir na healaíontóirí ar fáil le linn a dtréimhsí cónaitheachta OPP tríd an ealaín laistigh d'institiúid ina ndéantar cúram do thosaíochtaí cliniciúla chomh maith. Chuir an Resort Residency ar chumas na n-ealaíontóirí sin machnamh a dhéanamh ar a dtaithí agus a mbreathnóireacht ina gcleachtóirí ealaíon sa NFMHS chomh maith le deiseanna a scrúdú i ndáil le leanúint dá gcleachtais i láthair nua na seirbhíse ar Leithinis Phort Reachrann agus sa cheantar mórthimpeall. Is mór an tionchar a bhíonn ag Ospidéal Naomh Íde ar na healaíontóirí ar fad a thugann cuairt ar Phort Reachrann, áit a mbaineann meon áite agus pobail láidir leis i dtaobh an chultúir agus na staire.

Is éard a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh maidir le tábhacht ealaín phoiblí "Baineann ról iontach luachmhar le healaín i dtaobh áit a chruthú agus i dtaobh ár bhfolláine comhchoiteann agus tá ríméad orm go bhfuil raon leathan gníomhaíochtaí ealaíon pobail bríomhar ag cur borradh faoi bhailte agus sráidbhailte Fhine Gall.

Mhínigh Emer O'Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí EETCD, "Is sampla nuálach é seo ar mar is féidir le gnó áitiúil cur go mór le hacmhainn cheann scríbe an cheantair álainn seo Domhnach Bat/Port Reachrann tríd an ealaín."

Is éard a dúirt Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí,

“ Féachtar leis an saothar a forbraíodh agus a bheidh á chur i láthair do Chlár Resort Revelations na bliana seo cuid de na teachtaireachtaí dearfacha a thagann as aistir théarnaimh a chur os comhair an phobail chun a chur i gcuimhne dúinn an luach a bhaineann le healaín dár bhfolláine féin”.

Mar chuid de Resort Residency/Revelations 2021 tá an-áthas orainn Future Happiness, réimse iléagsúil de shaothair nua, a chur i láthair, saothair a bheidh á dtaispeáint i stíl ciorcaid promanáide ar fud Dhomhnach Bat/Phort Reachrann. Beidh roinnt saothar nua sa seó, cuid acu a forbraíodh le húsáideoirí seirbhísí le linn tréimhsí cónaitheachta ealaíontóra in Oileán Uiséir, ionad pobail d'othair na Seirbhíse Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí. Áirítear air sin sraith saothar dar teideal Compliance/Insight leis an ealaíontóir Johnathan Cummins ina ndéantar caidreamh úsáideoirí seirbhísí NFMHS le cúram institiúide a scrúdú, saothar ina ndéantar comhcheangal stairiúil an phobail áitiúil le cúram sláinte meabhraí agus leis an bhfarraige trí ghníomh pobail a scrúdú dar teideal Float leis an ealaíontóir Emma Fiuncane, cluasmhachnamh ar an stair áitiúil agus ar chultúir i saothar dar teideal Parasite Radio leis an ealaíontóir Glenn Loughran, agus  cuireadh dearfach dó chách, atá faoi anáil Swift, féachaint chun tosaigh, cuireadh ar spreagadh é chomh maith cuimhneamh ar an am i láthair, i saothar ealaíne nua le John Conway dar teideal Future Happiness.

Mar chuid den taispeántas seo Dé Máirt an 5 Deireadh Fómhair ón 10.00 - 11.00 agus Dé Sathairn an 8 Deireadh Fómhair ón 15.00 -17.00 craolfar agallamh le John Conway ar Raidió Ospidéal Naomh Íde ina bpléifear an taispeántas Future Happiness agus craolfar 3 chloschlár faisnéise gearra a léiríodh le daoine muinteartha othair agus iar-othair na Seirbhíse Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí trína dtugtar léargas dúinn ar thaithí saoil an chúraim sláinte meabhraí fóiréinsí (ar fáil ar fud an domhain ar líne agus go háitiúil ar 89.5FM).

Beidh saothair ó Future Happiness lonnaithe ag Lynders Mobile Home Park, Caisleán Phort Reachrann (Túr Stella), ag an Siúlóid le haill, Pipers Chip Shop, Séipéal Naomh Pádraig de chuid Eaglais na hÉireann, Domhnach Bat & siopa Grogan, Port Reachrann. Seolfar an clár iomlán Dé hAoine an 8 Deireadh Fómhair ag 7pm ag Lynders Mobile Home Park agus beidh deis ag aíonna cuairt a thabhairt ar na saothair ealaíne i gcomhluadar na n-ealaíontóirí féin agus beidh siad ábalta léargas ar leith a fháil ar na saothair an oíche sin ar thuras treoraithe. Chun na sonraí ar fad a bhaineann le Resort Residency agus chun an nuacht is déanaí a fháil.

 

Téigh chuig

 www.resortresidency.com agus www.otherpeoplespractices.com

 

Teagmháil: Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí – R: [email protected] G:01 8708449