Inniu cuireadh an chéad chéim de thionscadal tógála an bhonneagair nua ag láithreán Ghort an Teampaill i Mullach Eadrad i gcrích, tráth ar bhain Meára Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, an chéad fhód.
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall ar an Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí 2022. Ligeann an gnéithe maoinithe seo, atá méadaithe arís i mbliana, d’ealaíontóirí gairmiúla leas a bhaint as dámhachtain suas le €5,000 i dtreo deiseanna taistil/forbartha gairmiúla, cónaitheachta nó chun saothair a fhorbairt.
Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil Robert Burns i mbun a ról mar Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail ón Luan an 24 Eanáir.
Bhí Ceannaire Operation Transformation agus bean atá ag cur fúthu i Sord, Katie Jones, i dteannta le Méara Fhine Gall, an Comhaireloir Seána Ó Rodaigh, agus siúlóirí díograiseacha eile ar an 16 Eanáir, i bPáirc an Tobair Naofa, áit ar shiúil siad 3k mar chuid d’imeacht a bhí eagraithe ag Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Operation Transformation.
Tá €19,550 bronnta ag Comhairle Contae Fhine Gall ar 46 club spóirt ar fud Fhine Gall faoin Scéim Deontais Spóirt don Aos Óg.Cheadaigh comhairleoirí an maoiniú trína leithdháilfear €425 ar geach ceann de na heagraíochtaí rathúla.
Tugadh oibríocht mhór Feithiclí a bhfuil a Ré Caite (FRC) i gcrích an tseachtain seo ag Lóiste Sciobóil i bhFionnghlas, nuair a bhain Aonad Forfheidhmiúchán Dramhaíola Chomhairle Contae Fhine Gall 80 carr agus 65 feithicil tráchtála ón láithreán i mBaile Átha Cliath 11.
Tá na ceithre Údarás Áitiúil atá i mBaile Átha Cliath – Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas tiomanta do chaighdeán an aeir a chosaint agus a fheabhsú ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath
Dúnfaidh Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall don phobal do thréimhse na Nollag ag 12.30pm Dé hAoine an 24 Nollaig, 2021 agus athosclóidh siad ag 9am Dé Máirt an 4 Eanáir, 2022. Féach sonraí le do thoil maidir le hamanna oscailte do Leabharlanna, Ionaid Athchúrsála agus Pointí Bailithe Crann Nollag freisin.