Plean um Chaighdeán an Aeir

Plean um Chaighdeán an Aeir do Réigiún Bhaile Átha Cliath 2021 – Plean um Chaighdeán an Aeir chun leibhéil Dé-Ocsaíde Nítrigine i Réigiún Bhaile Átha Cliath a fheabhsú.

 

An Méid A Rinneamar

Tá na ceithre Údarás Áitiúil atá i mBaile Átha Cliath – Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas tiomanta do chaighdeán an aeir a chosaint agus a fheabhsú ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath. Mar gheall ar shárú ar luach teorann an AE de dhé-ocsaíd nítrigine i réigiún Bhaile Átha Cliath i 2019 b’éigean Plean um Chaighdeán an Aeir do Réigiún Bhaile Átha Cliath 2021 – Plean um Chaighdeán an Aeir chun leibhéil Dé-Ocsaíde Nítrigine i Réigiún Bhaile Átha Cliath a fheabhsú.

 Tá an leagan deiridh de Phlean um Chaighdeán an Aeir do Réigiún Bhaile Átha Cliath 2021 – Plean um Chaighdeán an Aeir chun leibhéil Dé-Ocsaíde Nítrigine a fheabhsú críochnaithe anois agus curtha faoi bhráid an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Coimisiún an Aontais Eorpaigh.

An Chúis A Rinneamar É

 

I 2019, sáraíodh an luach teorann bliantúil de dhé-ocsaíd nítrigine ag ceann de na stáisiúin monatóireachta ar chaighdeán an aeir – Bóthar Eoin Thiar. Bhí gach truailleán eile a tomhaiseadh laistigh de luachanna teorann an AE. Nuair a aimsítear sárú, bíonn próiseas foirmiúil ann chun Coimisiún na hEorpa agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) a chur ar an eolas. Ansin d’eisigh siadsan fógra foirmiúil chuig na húdaráis áitiúla lena mbaineann chun an plean a ullmhú.

Chuir an GCC na hÚdaráis Áitiúla ar an eolas faoin ngá maidir le plean nua um shárú dé-ocsaíde nítrigine i mí na Nollag 2020 agus cuireadh foireann le chéile chun ionadaíocht a dhéanamh ar an  gceithre Údarás Áitiúil atá i mBaile Átha Cliath agus d’ullmhaigh an fhoireann sin an Plean deiridh.

Bhí Plean um Chaighdeán an Aeir do Réigiún Bhaile Átha Cliath 2021 – Plean um Chaighdeán an Aeir chun leibhéil Dé-Ocsaíde Nítrigine i Réigiún Bhaile Átha Cliath a fheabhsú faoi réir chomhairliúchán phoiblí, a thug deis do bhaill leasmhara an phobail a gcuid tuairimí agus ionchur sa phlean a roinnt, atá críochnaithe anois agus a eisíodh chuig an Aire Comhshaoil agus Coimisiún an Aontais Eorpaigh faoi dheireadh 2021.

Tá tuarascálacha agus cinntí na Measúnachta Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus na Measúnachta Cuí (AA) ar fáil le feiceáil thíos.

Dublin Region Air Quality Plan 2021

AA Screening Report of Dublin Region Air Quality Plan F01

Signed AA Determination 2021

SEA Screening Dublin Air Quality Plan Update

Signed SEA Determination 2021