€19,550 bronnta ag Comhairle Contae Fhine Gall faoin Scéim Deontais Spóirt don Aos Óg

€19,550 awarded by Fingal County Council under the Youth Sports Grants Scheme

Tá €19,550 bronnta ag Comhairle Contae Fhine Gall ar 46 club spóirt ar fud Fhine Gall faoin Scéim Deontais Spóirt don Aos Óg.

Cheadaigh comhairleoirí an maoiniú trína leithdháilfear €425 ar geach ceann de na heagraíochtaí rathúla.

Díríonn Scéim Maoinithe na bliana seo ar cheannach trealaimh a mhaoiniú chun a chur ar chumas clubanna spóirt atá ag obair le daoine óga filleadh ar a spórt go sábháilte tar éis srianta Covid-19.

Thug Oifig Spóirt Fhine Gall, atá mar chuid de líonra Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla de chuid Spórt Éireann, cuireadh do chlubanna spóirt iarratas a dhéanamh ar dheontas beag faoin scéim seo. Bhí ar iarrthóirí rathúla roinnt critéar a chomhlíonadh ar nós spórt do dhaoine óga a bheith mar phríomhfhócas acu agus coiste bainistíochta deonach a bheith acu le hoifigigh thofa.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tá an-áthas orainn an maoiniú suntasach seo a dheonú d’eagraíochtaí spóirt ar fud Fhine Gall. Tá ról chomh lárnach ag ár gclubanna spóirt i sláinte agus folláine ár bpobail. Ba mhaith liom tréaslú leis na hoibrithe deonacha go léir a thug a gcuid ama agus fuinnimh dá gclubanna.”

Dúirt Leas-Mhéara Chomhairle Contae Fhine Gall, an Comhairleoir Daniel Whooley: “Fuair Comhairle Contae Fhine Gall go leor iarratas ar chiste na bliana seo, rud a léiríonn an spéis sa tionscnamh. Is cuid rí-thábhachtach de shaol daoine óga é an spórt, tá fíoráthas orm go bhfuil aitheantas á thabhairt do seo. Tríd an maoiniú seo a sholáthar cinntítear gur féidir le daoine óga i bhFine Gall leanúint ar aghaidh ag baint taitneamh as spórt a imirt ina gclubanna áitiúla.”

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar gach iarratas, socraíodh deontas de €425 a bhronnadh ar na clubanna spóirt seo a leanas:

-Activmultisport

-Club Leadóige Tábla Bhaile Brigín

-Club Sacair Bhaile an Ridire

-Club Leadóige Bhaile an Ridire

-Club Sacair Bhaile Scadán

-Cumann Cruicéid Chaisleán Cnucha

-Club Snámh Chúil Mhín

-Club Leadóige Dhomhnach Bat-Phort Reachrann

-Club Oilimpicí Speisialta Dhomhnach Bat-Phort Reachrann

-Club Cispheile Sonics Bhaile Átha Cliath

-Club CLG Erin go Bragh

-Club Trí-Atlain Fhine Gall

-Club Sacair na Gléibe Thuaidh

-Cumann Leadóige Phlásóg an Gharráin

-Club Karate Inis Fáil

-Club Cispheile Lochlannach na hÉireann, Baile Brigín

-Club Spóirt agus Lúthchleasaíochta Reachrann

-Club Snámh Lir

-M & F Aontaithe

-Cumann Cruicéid Mhullach Íde

-Cumann Gailf Mhullach Íde

-Cumann Leadóige Mhullach Íde

-Club Sacair Mhullach Íde Aontaithe

-Club Luamhaireachta Mhullach Íde

-Man O'War GFC

-Naomh Barróg CLG

-Cumann Cruicéid an Chontae Thuaidh

-Club Badmantan Sóisearach PSLC

-River Valley Rangers

-Cumann Lúthchleasaíochta na Sceirí

-Club Badmantan Sóisearach na Sceirí

-Cumann Leadóige na Sceirí

-Club Seoltóireachta na Sceirí

-GFC Naomh Colmcille

-AFC Naomh Ita

-Club Póló Uisce Naomh Uinseann

-Starlights GFC

-Cumann Leadóige Chill Fhionntain

-Club Haca Chill Fhionntain

-Club Peile Mhainéar Shoird

-Cumann Leadóige Trackside