Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2022

Tá Ciste na Séadchomharthaí Pobail le haghaidh 2022 anois ag glacadh le hiarratais go dtí an 15 Feabhra, 2022.

Castleknock castle.jpg

Tá Ciste na Séadchomharthaí Pobail le haghaidh 2022 anois ag glacadh le hiarratais.  Ba sa bhliain 2020 a bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail den chéad uair agus is éard atá i gceist leis go ndéantar infheistíocht inár n-oidhreacht sheandálaíochta luachmhar agus cabhraíonn an Ciste le húinéirí agus le caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo chun tairbhe pobal agus an phobail. 

Is iad príomhaidhmeanna an Chiste seo séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur i láthair. Éascóidh an Ciste an méid seo a leanas:

  • cumasóidh sé oibreacha caomhantais a chur i gcrích ar shéadchomharthaí a mheastar atá suntasach agus a dteastaíonn tacaíocht uathu ar bhonn práinne;
  • spreagfaidh sé rochtain ar shéadchomharthaí agus feabhsóidh sé an chuma atá orthu;
  • cothóidh sé seasmhacht ár séadchomharthaí chun cur ar a gcumas déileáil le héifeachtaí an athraithe aeráide. 

In 2021 leithdháileadh maoiniú luach beagnach €270,000 trí Chomhairle Contae Fhine Gall ar ocht dtionscadal lena n-áirítear oibreacha comhdhlúthaithe ag Caisleán Chaisleán Cnucha; deisíodh balla Reilig Chill Shalcháin agus cuireadh oibreacha cosanta i gcrích ag an láthair adhlactha i nGleann Abhainn an Bharda. Cuireadh roinnt suirbhéanna agus tuarascálacha innealtóireachta caomhantais i gcrích ag túir Cholmáin, Sord, eaglais i nDiméin Mhullach Íde, San Mearnóg agus San Caitríona agus Túrtheach an Roise, a úsáidfear mar bhonn le hoibreacha a gcuirfear i gcrích amach anseo agus chomh maith leis sin cuireadh iniúchadh seandálaíochta i gcrích bunaithe ar Leithinis Dhomhnach Bat-Phort Reachrann.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker, ‘Tá breis is 1200 láithreán agus séadchomhartha seandálaíoch i bhFine Gall. Ní hamháin gur deis é an ciste seo chun na láithreáin agus séadchomharthaí a chosaint agus a chomhdhlúthú is deis atá ann freisin a chinntiú go bhfuiltear ag cur leis an méid atá ar eolas ag daoine fúthu agus go bhfuil an chuma atá orthu á feabhsú agus ar an tslí sin táthar ag cinntiú go bhfuil ár n-oidhreacht sheandálaíoch níos inrochtana do gach duine’. 

Tá Comhairle Contae Fhine Gall anois ag glacadh le hiarratais faoin dtrí shnáithe atá le cur i gcrích in 2022:

1. Tairgfidh Snáithe 1 deontais suas le €85,000 a bhfuil sé mar aidhm leo oibreacha deisithe agus caipitil a dhéanamh atá riachtanach le haghaidh caomhnú agus deisiú séadchomharthaí seandálaíochta

2. Tairgfidh Snáithe 2 deontais suas le €30,000 chun Pleananna/Tuarascálacha Bainistíochta Caomhantais a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm leo bearta a shainaithint le haghaidh caomhnú séadchomharthaí seandálaíochta agus chun rochtain phoiblí a fheabhsú.

3. Tairgfidh Snáithe 3 deontais suas le €30,000 chun bonneagar rochtana agus áiseanna léirléimh (lena n-áirítear fíorúil/ar líne) ag séadchomharthaí seandálaíochta a fheabhsú (lena n-áirítear beartas sláinte poiblí COVID 19)

Ba cheart d’iarratasóirí nó grúpaí pobail ar úinéirí nó feighlithe séadchomharthaí iad an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Foirm CMF-A thíos a chomhlánú (na rannóga ábhartha)
  • Ráiteas Modha cuimsitheach a cheangal leis an iarratas
  • an t-iarratas a sheoladh chuig: An tOifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Fhine Gall roimh an 15 Feabhra 2022 

Má tá aon cheist agat seol ríomhphost chuig an Oifigeach Oidhreachta    [email protected]   

Community Monuments Fund 2022 - Explanatory Memorandum CMF2022

Community Monuments Fund 2022 - Application Form CMF/A

 

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2022 - Meabhrán Mínithe CMF2022 - Gaeilge

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2022 - Foirm Iarratais CMF/A - Gaeilge

 

 

St Columbas round tower.jpg
Burial Site ward.jpg