An chéad fhód bainte mar chuid de thionscadal Bhóthar Ceangail Ghort an Teampaill agus Gréasán Rothaíochta i Mullach Eadrad

Mayor, Tainaiste and Minister for Housing on site turning first sod with spade

T

Inniu cuireadh an chéad chéim de thionscadal tógála an bhonneagair nua ag láithreán Ghort an Teampaill i Mullach Eadrad i gcrích, tráth ar bhain Meára Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, an chéad fhód.

Cruthóidh Bóthar Ceangail agus Gréasán Rothaíochta Ghort an Teampaill nascacht nua a éascóidh forbairt Mháistirphlean Ghort an Teampaill a bheidh mar bhonn le saoráidí tithíochta, miondíola agus pobail a sholáthar a thacóidh le fás inbhuanaithe Mhullach Eadrad. Tá saoráidí siúil agus rothaíochta an bhonneagair á maoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

Le déanaí cheap Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Chomhairle Contae Fhine Gall Fox Building and Engineering Ltd chun Bóthar Ceangail agus Gréasán Rothaíochta Ghort an Teampaill a fhorbairt. Cuirfidh an conraitheoir tús leis na hoibreacha láithreáin an tseachtain seo chugainn agus táthar ag súil go mbeidh an ghné seo de phlean Ghort an Teampaill curtha i gcrích laistigh de 18 mí.

Áirítear i dtionscnamh Mháistirphlean Ghort an Teampaill Chomhairle Contae Fhine Gall bonneagar iompair agus páirceanna nua a bheidh á mhaoiniú tríd an gCiste Tithíochta Inacmhainne, a bhfuil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as, a éascóidh beagnach 1,000 teach nua inacmhainne agus sóisialta a chur ar fáil ar an láithreán 37-heicteár seo atá faoi úinéireacht an phobail.

Tá tús curtha cheana féin leis an obair a bhaineann le 67 teach a thógáil ar chuid de bhunachar talún Ghort an Teampaill nach bhfuil ag brath ar an mbóthar ceangail nua agus i dteannta leis an Méara nuair a thug sí cuairt ar an láithreán seo bhí An Tánaiste, Leo Varadkar TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, Aire Stáit i Roinn an Taoisigh, Jack Chambers TD, mar aon le comhairleoirí agus comhaltaí eile den Oireachtas ó Bhaile Átha Cliath 15. 

Tá 20 teach sóisialta eile á dtógáil i láthair na huaire laistigh de bhunachar talún Ghort an Teampaill agus tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil i láthair na huaire maidir le hiarratas pleanála Chuid 8 le haghaidh céim eile ina mbeidh 300 teach á dtógáil. Áireofar anseo 220 teach agus 80 árasán le meascán tionachta, 60% ceannach inacmhainne nó cíos costais agus 40% sóisialta.

 

Fingal Councillors, TDs and Mayor on site at Church Fields

Beidh ceann de na chéad timpealláin ‘oiriúnach do rothaithe’ in Éirinn á fhorbairt mar chuid de thionscadal Bhóthar Ceangail Ghort an Teampaill, a bheidh oiriúnach d’úsáid chomhroinnte coisithe, rothaithe agus tiománaithe. Tógfar an timpeallán i lár bóthar nua a bheidh ag dul ó dheas ón áit a bhfuil an timpeallán faoi láthair ar Ascaill Damastown agus cruthófar nasc le hAscaill Radharc an Tobair. Áireofar ann freisin bonneagar leithscartha do rothaithe agus do choisithe feadh an dá bhóthar agus trí fhearann páirce atá taobh le Bóthar an Teampaill.

Cuirfear rotharbhealach nua leis, a chruthóidh nasc idir Ascaill Damastown agus Timpeallán Bhóthar na hEaglaise agus Gaelscoil an Chuilinn agus Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Bhaile an Phaoraigh ar Bhóthar Bhaile an Phaoraigh. Áireofar anseo trasbhealaí nua a thógáil ar gach géag den timpeallán atá ann cheana féin, rud a chiallóidh go mbeidh an áit níos sábháilte do mhic léinn ar mian leo a bheith ag siúl agus ag rothaíocht chun na scoile.

Cúis áthais do Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, go bhfuil tús curtha leis an tionscadal seo. Bhí an méid seo a leanas le rá aici: “Is lá iontach é seo ó tharla tús a bheith curtha leis an obair ag Gort an Teampaill. Is ceantar bríomhar, óg agus éagsúil é Mullach Eadrad agus tá plean cruthaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall le haghaidh Ghort an Teampaill a chothóidh pobal gníomhach ar cuid lárnach dá saol an Taisteal Gníomhach chuig na scoileanna, siopaí agus ionaid spóirt.”

Bhí an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, i láthair nuair a baineadh an chéad fhód, agus bhí an méid seo a leanas le rá aige: “Tá tús áite á thabhairt agam féin agus ag an Rialtas do thithe a chur ar fáil do dhaoine. Tá spriocanna uaillmhianacha sonraithe againn sa phlean Tithíocht do Chách agus is sampla iontach é forbairt Ghort an Teampaill den bhealach is féidir le gníomhaireachtaí cosúil le NTA, trí phleanáil chun cinn agus comhoibriú, a pháirtmhaoinigh an Bóthar Ceangail agus Gréasán Rothaíochta nua, le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ó Chomhairle Contae Fhine Gall, áit iontach a sholáthar do dhaoine le maireachtáil agus oibriú inti, agus ag an am céanna luach ar airgead a chinntiú i ndáil le caiteachas poiblí.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is sampla é forbairt Ghort an Teampaill de chur chuige comhoibríoch tras-rannach atá á ghlacadh ag Comhairle Contae Fhine Gall i ndáil le forbairt ár mbunachar talún. Tá comhoibriú rathúil idir ranna éagsúla laistigh de Chomhairle Contae Fhine Gall agus le heagraíochtaí seachtracha cosúil leis an Údarás Náisiúnta Iompair ag tacú le fás inbhuanaithe Fhine Gall. “

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Cúis áthais do NTA beagnach €6m a chur ar fáil do Chomhairle Contae Fhine Gall chun bonneagar siúil agus rothaíochta a mhaoiniú mar chuid de thionscadal Bhóthar Ceangail agus Ghréasán Rothaíochta Ghort an Teampaill. Cuirfidh an bonneagar seo ar chumas lucht cónaithe an phríomhcheantair forbartha seo i mBaile Átha Cliath 15 roghanna gníomhacha iompair a dhéanamh amach anseo agus is sampla iontach é seo de chomhoibriú trasghníomhaireachta agus pleanáil chomhtháite iompair agus talamhúsáide. Áireofar i dtionscadal Bhóthar Ceangail Ghort an Teampaill bonneagar leithscartha do rothaithe agus do choisithe, atá sábháilte agus mealltach, lena n-áirítear naisc le scoileanna sa cheantar.”

 

Group reading plans on construction site