Stiúrthóir Nua Tithíochta agus Forbartha Pobail fógartha

Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil Robert Burns i mbun a ról mar Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail ón Luan an 24 Eanáir. 

Robert Burns

Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil Robert Burns i mbun a ról mar Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail ón Luan an 24 Eanáir. 

Beidh Robert freagrach as breis is 6,000 teach faoi úinéireacht na comhairle i bhFine Gall a bhainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar 3,640 teach nua idir 2022 agus 2026 a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí na Comhairle faoi phlean Tithíocht do Chách an Rialtais a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, déanfaidh sé maoirseacht ar fhorbairt pobail agus ar roinnt príomhsheirbhísí eile lena n-áirítear comhtháthú agus spórt. 

Tá neart taithí ag Robert agus roimhe seo bhí sé ag obair mar Stiúrthóir Seirbhíse Bonneagair agus Athrú Aeráide i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, áit a raibh sé freagrach as bonneagar, ríocht phoiblí, tionscadail a bhain le taisteal gníomhach agus gníomhú ar son na haeráide, a bhainistiú agus a sholáthar. Áiríodh anseo bealach soghluaisteachta cois cósta a fhorbairt mar aon le tionscadail athnuachana sráidbhaile in An Charraig Dhubh agus Dún Droma. Roimhe sin, chaith Robert tamall ag obair mar Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin i gComhairle Contae an Chláir, sa Roinn Tithíochta.

Tá Robert ag cur tús lena phost nua mar bhall d’fhoireann feidhmiúcháin na comhairle tráth a bhfuil €390 milliún curtha ar fáil d’Fhine Gall chun clár suntasach tithíochta a chur i gcrích faoi thionscnamh Tithíocht do Chách an Rialtais. Tá sé ag teacht i gcomharba ar Liam Burke, Stiúrthóir Gníomhach fhoireann Tithíochta agus Forbartha Pobail Fhine Gall ó mhí Bealtaine seo caite, tráth ar thug Margaret Geraghty aghaidh ar an Oifig Comhordúcháin um Sholáthar Tithíochta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, le linn di fáiltiú roimh an gceapachán: “Cúis áthais dúinn go bhfuil ar ár gcumas duine chomh cumasach le Robert a mhealladh go Fine Gall. Cabhróidh a thaithí agus saineolas suntasach leis an gcontae a chuid uaillmhianta maidir le soláthar tithíochta a chomhlíonadh agus go leor acmhainní pobail a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe gach duine atá ag cur fúthu anseo, ag obair anseo agus gach duine a thugann cuairt ar an áit.

“Chomh maith leis sin, is mian liom an deis a thapú chun buíochas a ghabháil le Liam Burke as an bhfeidhm a threorú agus as a shaineolas a roinnt linn le naoi mí anuas, tráth a raibh sé freagrach as iarrachtaí na Comhairle déileáil le forbairt tithíochta agus pobail, agus a chinntiú go raibh ar chumas Fhine Gall a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, i rith tréimhse a bhí thar a bheith dúshlánach.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Uasal Burns faoina ról nua: “Am spéisiúil é seo le bheith i gceannas ar cheann de na príomhranna i bhFine Gall agus táim ag súil le ról lárnach a bheith agam i gcur leis an obair iontach atá ar bun cheana féin.

“Beidh spéis ar leith agam in obair a dhéanamh le pobail áitiúla agus le grúpaí páirtithe leasmhara chun cabhrú lena chinntiú ní hamháin go mbeidh tithíocht ar ardchaighdeán á tógáil ar fud an chontae, ach chomh maith leis sin, gur féidir linn clár láidir athnuachana agus forbartha a sholáthar a bheidh mar bhonn le comharsanachtaí a fheabhsú ar mhaithe le cónaitheoirí agus cuairteoirí araon.”

I láthair na huaire, tá stoc de thart ar 6,000 teach á bhainistiú agus á chothabháil ag Fine Gall agus tá obair á déanamh ar fhorbairt na mbunachar talún ag Gort an Teampaill i mBaile Átha Cliath 15, Baile Mastún i nDomhnach Bat agus Baile Hae in An Ros.

Céimí de chuid Ollscoil na Banríona, Béal Feirste é Robert, agus tá neart taithí aige ar a bheith ag obair mar innealtóir comhairleach agus chomh maith leis sin d’oibrigh sé d’Iarnród Éireann áit ar dhírigh sé ar bhainistíocht tionscadail tionscadal bonneagair. Tá spéis ar leith ag Robert i dtithíocht, forbairt inbhuanaithe, iompar, forbairt pobail, athnuachan bailte agus sráidbhailte agus gníomhú ar son na haeráide.