Cuireadh tugtha do Ghrúpaí Pobail Fhine Gall iarratas a dhéanamh ar Mhaoiniú le haghaidh Gníomhaíochtaí Pobail

Tá cuireadh tugtha do ghrúpaí pobail agus deonacha i bhFine Gall iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi Chiste Gníomhaíochtaí Pobail 2022.

Fingal LDCD

Tá cuireadh tugtha do ghrúpaí pobail agus deonacha i bhFine Gall iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi Chiste Gníomhaíochtaí Pobail 2022.

Is ciste aonuaire é an Ciste Gníomhaíochtaí Pobail (CAF) a sholáthraíonn deontais chun cabhrú le grúpaí pobail agus dheonacha saoráidí a uasghrádú, trealamh a cheannach agus costais reatha a íoc. Tá CAF á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus tá maoiniú luach €301,042 leithdháilte ar Fhine Gall do ghrúpaí trasna an chontae. Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Joe O’Brien TD, an Ciste ag leibhéal náisiúnta roimh an Nollaig.

Féadfaidh CAF tacú le grúpaí, i gceantair faoi mhíbhuntáiste go háirithe, leis na nithe seo a leanas:

  • Costais reatha agus oibriúcháin cosúil le billí fóntais, costais chíosa/léasa agus billí árachais.
  • An costas a bhaineann le deisiú agus feabhsú saoráidí, trealamh TF, troscán, uirlisí, comharthaíocht, trealamh oiliúna etc. a cheannach.

Tá CAF á riar ag Coistí Áitiúla Pobail agus Forbartha (LCDCanna) i ngach limistéar Údaráis Áitiúil. Is cuid den Chlár Feabhsaithe Pobail níos leithne é, a bhfuil maoiniú curtha ar fáil aige le haghaidh breis is 8,000 tionscadal i bpobail uirbeacha agus thuaithe ar fud na hÉireann ó seoladh é den chéad uair in 2018.

Tá iarratais á lorg anois ó ghrúpaí pobail agus dheonacha i bhFine Gall ar dheontais suas go dtí uasmhéid €15,000 agus is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais Dé hAoine, an 18 Feabhra, 2022 ag 6:00 PM

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh faoin gCiste Gníomhaíochtaí Pobail: “D’fhéadfadh an Ciste Gníomhaíochtaí Pobail a bheith ina fhoinse thábhachtach tacaíochta do ghrúpaí pobail i bhFine Gall chun cabhrú leo a saoráidí agus costais oibriúcháin a mhaoiniú. Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine an tacaíocht seo a sholáthar agus aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag grúpaí pobail i bhfolláine daoine ar fud an chontae. Is freagairt éifeachtach é an clár do riachtanais áitiúla agus d’fhéadfadh sé cabhrú le grúpaí áitiúla feabhsuithe a dhéanamh ina gceantair féin.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall faoin bhfógra: “Tá ardmheas ag Comhairle Contae Fhine Gall ar an obair a dhéanann an earnáil phobail agus dheonach. Cabhróidh an Ciste Gníomhaíochtaí Pobail le grúpaí pobail leis an obair luachmhar a dhéanann siad inár bpobail. Mholfainn do ghrúpaí pobail CAF a scrúdú agus tairbhe a bhaint as an deis iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú má tá sé ábhartha dá ngníomhaíochtaí.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Emer O’Gorman, Stiúrthóir um Fhorbairt Gheilleagrach, Fiontar, Turasóireachta agus Chultúrtha Chomhairle Contae Fhine Gall, faoin Scéim CAF nua, “Tá maoiniú suntasach á chur ar fáil faoi CAF a thacaíonn le maoiniú eile atá ar fáil ó Chomhairle Contae Fhine Gall. Baineann an fhéidearthacht leis an rogha mhaoinithe seo cur go suntasach le gníomhaíochtaí grúpaí pobail agus deonacha agus mholfainn do ghrúpaí iarratas a dhéanamh ar an gciste más féidir”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Declan Ryan, Príomhoifigeach Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall: “Tá an Ciste Gníomhaíochtaí Pobail nasctha le grúpa cistí an Chláir Feabhsaithe Pobail. Tá neart tairbhe bainte ag grúpaí pobail i bhFine Gall as na cistí seo le blianta beaga anuas, agus cuireadh maoiniú luachmhar ar fáil do ghrúpaí i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste go háirithe. Baineann an buntáiste breise leis an CAF nua go gceadaítear iarratais ar chostais chaipitil agus ar chostais oibriúcháin. Fáiltítear roimh an tsolúbthacht bhreise seo. Tá LCDC Fhine Gall ag súil go mór le tacú leis an scéim seo a sholáthar.”

Tá na sonraí ar fad maidir le Ciste Gníomhaíochtaí Pobail 2022 agus conas iarratas a dhéanamh ar líne le fáil ag https://submit.link/Ch