Council

18 May 2020
Libraries OnLine

Aireachas le Rita O'Donovan (Cuid 1)

Sa bhfíseán seo, labhrann an múinteoir aireachais faoi aire a thabhairt dár meabhairshláinte sna hamanta deacra seo agus taispeánann sí cleachtadh aireachais chun cabhrú linn a bheith níos feasaí faoi na rudaí atá ár gcoirp á rá linn.  

18 May 2020
Libraries OnLine

Tógáil acmhainneachta le haghaidh amanta dúshlánacha le Jill Barrett (Cuid 2)

Sa bhfíseán seo, labhrann Cóitseálaí Feidhmiúcháin Feidhmíochta agus Ceannaireachta, faoin difríocht idir na freagraí a bhíonn againn ar spreagadh, agus an tábhacht a bhaineann le sos a thógáil agus roinnt spáis a thabhairt dúinn féin idir spreagadh agus freagra. Cuid a dó de shraith acmhainneachta ceithre chuid.

18 May 2020
Libraries OnLine

Tógáil acmhainneachta le haghaidh amanta dúshlánacha le Jill Barrett (Cuid 1)

Sa chéad chuid den tsraith ceithre chuid seo faoi acmhainneacht, labhrann Barry ó Leabharlann Bhaile Bhlainséir le Jill Barrett, Cóitseálaí Feidhmiúcháin Feidhmíochta agus Ceannaireachta, faoi na cineálacha éagsúla acmhainneachta, agus tugann sí roinnt leideanna praiticiúla maidir le conas d’acmhainneacht féin a thógáil.

18 May 2020
Heritage from Home

Oidhreacht ón mBaile - Lá Náisiúnta na Líníochta

Lá Náisiúnta na Líníochta is ea Dé Sathairn 16 Bealtaine, lá a tharraingíonn aird ar thábhacht na léaráidí, líníochtaí agus pictiúir dár suíomhanna oidhreachta atá fós slán tar éis na mblianta. San 18ú haois, léirigh Gabriel Beranger na tréithe ab fhearr den nós a bhí ann chun na seaniarsmaí a líniú.

14 May 2020
Heritage from Home

Oidhreacht ón mBaile - Mary Ellen (Molly) Adrien

Rugadh Mary Ellen (Molly) Adrien ar an 25 Meán Fómhair 1873. Tá cuimhne uirthi mar dhuine de 'mhná na Réabhlóide' i bhFine Gall. Chuaigh Molly le Cumann na mBan tar éis a bhunaithe in Aibreán 1914 agus deirtear go raibh ról tábhachtach aici i mbrainse Lusca a bhunú. Tugadh ordú do Chumann na mBan Domhnach Cásca 1916 cruinniú le chéile ag an Eaglais Dhubh i mBaile Phib, ach tugadh freasordú agus cuireadh ar shiúl iad le fanacht ar aisghairm.

14 May 2020
Heritage from Home

Oidhreacht ón mBaile - Reiligí

Tá 54 reilig stairiúil i bhFine Gall agus is gné shuntasach d'oidhreacht an chontae iad. Tá go leor díobh fós á n-úsáid. Tá baint ag roinnt acu, cosúil le Lusca, Sord, Naomh Dúiligh agus An Ghreallach le naoimh agus téann siad chomh fada siar le tréimhsí luatha na Críostaíochta. Is reiligí paróiste meánaoiseacha iad cuid eile díobh, cosúil le Clochrán, Inis Pádraig agus Mullach Íde.

11 May 2020
Heritage from Home

Oidhreacht ón mBaile - Toibreacha Naofa

Oidhreacht ón mBaile: Tá thart ar 50 tobar naofa i bhFine Gall. Díol ómóis ba ea an t-uisce chomh fada siar leis an réamhstair, nuair a chaití daoine ofrálacha i bhfoinsí uisce, aibhneacha agus lochanna - agus déanaimid aithris ar an traidisiún sin nuair a chaithimid boinn i bhfuarán inniu.