Sraith físeán beagán éagsúil ‘Réaltaí Spóirt Fhine Gall’ seolta ag Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall

Tá sraith físeán nua ar líne lán le réaltaí seolta ag Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall chun daoine ar fud an chontae ar spéis leo cúrsaí spóirt a spreagadh, a chur ar eolas agus a choinneáil gnóthach.

Tá sraith físeán nua ar líne lán le réaltaí seolta ag Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall chun daoine ar fud an chontae ar spéis leo cúrsaí spóirt a spreagadh, a chur ar eolas agus a choinneáil gnóthach.

Chuir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, tús leis an tsraith trí dhaoine óga a spreagadh chun fanacht gníomhach agus chun a scileanna peile féin ‘ciceáil san aer’ a léiriú, le físeán atá ar fáil ag https://bit.ly/3bWhKFk – agus thug sé dúshlán gach comhairleoir Fhine Gall ar Twitter.

Seo a leanas an tvuít a sheol an Méara: “Haigh @FingalSports, bíodh píosa spraoi againn! Cé mhéad Comhairleoir @Fingalcoco atá sásta a ndúshlán scileanna spóirt a phostáil? Tabharfaidh mé €10 do charthanas áitiúil le haghaidh gach físeán scileanna a uaslódálann Comhairleoir. Ar cheart dóibh siúd a éalaíonn ón dúshlán €10 a thabhairt do charthanas freisin b’fhéidir?”

I measc fhíseáin Réaltaí Spóirt Fhine Gall atá le cur ar fáil sna seachtainí amach romhainn tá físeáin ina bhfuil eolas maidir leis an lúthchleasaí agus conas ar éirigh leis barr a mhaitheasa a bhaint amach, cúlra an lúthchleasaí agus comhairle. Cuirtear críoch leis na físeáin le dúshlán spraíúil scileanna ar féidir é a dhéanamh sa bhaile. 

I measc na Réaltaí Spóirt rannpháirteacha tá:

  • Peileadóir Sinsearach Bhaile Átha Cliath agus buaiteoir 6 Chraobh na hÉireann, Eric Lowndes.
  • Iar-imreoir Leadóige le hÉirinn agus Captaen Chorn Federations, Yvonne Doyle.
  • Leathchúlaí amuigh le foireann Rugbaí Laighean, Ciaran Frawley.
  • Peileadóir le Foireann Ban Bhaile Átha Cliath agus buaiteoir 4 Chraobh na hÉireann, Lyndsey Davey.
  • Seaimpín 1500m na hÉireann, Andrew Coscoran.
  • An Cruicéadaí Éireannach, Stephen Doheny.

I rith Covid-19, tá Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ag moladh do dhaoine fanacht sa bhaile agus fanacht gníomhach.

Tá roinnt físeán aclaíochta baile agus scileanna spóirt dar teideal ‘Fingal Digifit’ forbartha mar aon le roinnt bileog gníomhaíochta eile chun leanaí a choinneáil gnóthach. Tá siad seo le fáil ar Thairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil ag https://learning.fingal.ie/

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Tá mé go mór ar son spéis agus rannpháirtíocht daoine óga i bhFine Gall i gcúrsaí spóirt a spreagadh agus a fhorbairt. Molaim Oifig Spóirt Fhine Gall as na hiarrachtaí atá déanta spéis gach duine a mhúscailt sa spórt, agus cúis áthais dom a bheith páirteach i seoladh shraith Réaltaí Spóirt Fhine Gall.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Baineann tábhacht le spórt chun léargas a thabhairt ar scil fhisiciúil, corpacmhainn agus tallann, ach chomh maith leis sin is léargas é spiorad an phobail agus modh chun forbairt phearsanta a dhéanamh. Tá mé ag súil go mór le sraith Réaltaí Spóirt Fhine Gall a fheiceáil.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta agus Seirbhísí Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá sé tábhachtach go leanfaimid ar aghaidh ag tacú le spórt agus le corpacmhainne i rith Covid-19 – agus tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta dó sin.”

Tá Oifig Spóirt Fhine Gall ag súil le comhairleoirí a fheiceáil i mbun dhúshlán an Mhéara agus sraith físeán Réaltaí Spóirt Fhine Gall a chur ar fáil sna seachtainí beaga amach romhainn.