Oidhreacht ón mBaile - Cártaipoist

Heritage from home 16

I Márta 2020 thug An Post cártaí poist saor in aisce do gach teaghlach chun iad a sheoladh chuig baill teaghlaigh agus chuig cairde ar fud na tíre i rith thréimhse na dianghlasála. Ó tharla gurb é seo ré na meán sóisialta etc. tá deireadh tagtha le ré na gcártaí poist. Is eol dúinn go mbíodh cártaí poist á seoladh siar chomh fada le lár an 19ú haois agus go bhfuil siad nasctha le forbairt an phostais nó na stampaí réamhíoctha. Faoi na 1870idí bhí an-tóir ar chártaí poist agus caitheamh aimsire ba ea bailiú cártaí poist.  Is féidir an stair a rianú ar chártaí poist, idir fhoirgnimh stairiúla, daoine cáiliúla, ealaín, laethanta saoire agus araile. Tá bailiúchán de chártaí poist stairiúla a bhaineann le Fine Gall bailithe ag Staidéar Áitiúil Fhine Gall i gcaitheamh na mblianta. Is féidir breathnú ar chuid acu anseo https://www.flickr.com/photos/fingallocalstudies/sets/72157631189522736/?fbclid=IwAR1HO_Vu_KHhqMGwZcau2k_oLMWK2oHy2rlfNiP0EKdVufw-yoi6PyHOR6c

Seo cárta poist de Mhuilte Góiséireachta Smyth, Baile Brigín. Sa bhliain 1780, bhunaigh Joseph Smyth agus a chol ceathrar an gnólacht Smyth & Co. i mBaile Brigín agus chaith an gnólacht breis is 200 bliain i mbun gnó. Duine de na fostaithe ba ea Thomas Mangan, an chuid duine, i dteannta lena dheartháir, a d’fhorbair an stoca lása foirfe. I measc na gcustaiméirí a bhí acu bhí Banimpire na hOstaire, Bansár na Rúise agus Banríon Victoria na Breataine.  Bhí meas ag an lucht ríoga ar Mangan a rinne stocaí a bhí chomh mín sin nach raibh ach meáchan trí unsa go leith in dosaen péire. Lean sé air ag déanamh stocaí i mBaile Brigín ar feadh beagnach 65 bliain don Bhanríon Victoria. In 1898, d’ordaigh an Bhanríon go mbronnfaí grianghraf sínithe di ar Thomas Managan mar aitheantas ar an tréimhse a raibh baint aige le déantúsaíocht góiséireachta don Bhanríon agus don Teaghlach Ríoga.