Seolann Uisce Éireann comhairle do ghnóthaí atá ag oscailt arís

Chun tacú le custaiméirí tráchtála atá ag ullmhú le foirgnimh a úsáid arís tar éis tréimhse dhúnta nó tréimhse thearcúsáide, sheol Uisce Éireann mír nua ar water.ie ina bhfuil comhairle agus leideanna praiticiúla chun a chinntiú go mbeidh córais inmheánacha uisce agus fuíolluisce sábháilte do bhaill foirne, custaiméirí agus cuairteoirí.

Water taps

 

Chun tacú le custaiméirí tráchtála atá ag ullmhú le foirgnimh a úsáid arís tar éis tréimhse dhúnta nó tréimhse thearcúsáide, sheol Uisce Éireann mír nua ar water.ie ina bhfuil comhairle agus leideanna praiticiúla chun a chinntiú go mbeidh córais inmheánacha uisce agus fuíolluisce sábháilte do bhaill foirne, custaiméirí agus cuairteoirí.

D'fhéadfadh roinnt fadhbanna teacht chun cinn mura n-úsáidfí foirgnimh ar feadh tréimhse ama. Áirítear leis sin sceitheadh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don áitreabh agus stoc; bacadh i bpíopaí mar gheall ar shaill, ola nó gréisc; creimirí marbha sna humair uisce a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le truailliú; agus uisce marbh i gcórais phluiméireachta agus fuaraithe a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le rioscaí sláinte tromchúiseacha cosúil le galar na léigiúnach. Cineál niúmóine is ea galar na léigiúnach a d'fhéadfadh a bheith marfach agus, de ghnáth, bíonn gá seal a chaitheamh san ospidéal chun leigheas a chur ar dhuine.

Is féidir le húinéirí gnó agus bainisteoirí saoráide roinnt céimeanna a thógáil chun na rioscaí sin a mhaolú agus déantar cur síos orthu ar water.ie.

Deir Yvonne Harris, Ceann na nOibríochtaí Custaiméara: "Féadann úinéirí gnó agus bainisteoirí saoráide na rioscaí a bhaineann le huisce nuair a athosclaítear foirgnimh agus áitreabh a mhaolú ach ár dtreoirlínte a leanúint. Rinne Uisce Éireann cur síos ar roinnt céimeanna simplí ar water.ie ar cheart d'úinéirí gnó agus bainisteoirí saoráide iad a thógáil. Cabhróidh na céimeanna sin le sláinte na foirne, na gcuairteoirí agus na gcustaiméirí a chosaint. Chun go n-osclófar foirgnimh ar bhealach sábháilte, beidh gá le méideanna móra uisce a úsáid. Bhí sé sin ar cheann de na cúiseanna leis an aird a tharraingíomar ar an ngá le caomhnú uisce sa bhaile le déanaí. Ní mór tús áite a thabhairt do shláinte agus sábháilte aon duine a théann isteach i bhfoirgnimh, nó a oibríonn i bhfoirgnimh, a bhí dúnta le déanaí. Mar sin, ba cheart d'úinéirí gnó agus bainisteoirí saoráide na céimeanna riachtanacha ar fad a thógáil."

Agus córais agus gléasanna uisce á n-úsáid ar bhealach sábháilte arís, ba cheart do ghnóthaí:

  • Píopaí uisce a shruthlú ach na sconnaí a rith go dtí go mbeidh teocht an uisce seasta agus go dtagtar uisce ó na píopaí príomhlíonra;
  • Gach sconna uisce óil a ghlanadh le dífhabhtán oiriúnach;
  • Na leithris ar fad a shruthlú, agus uisce a rith trí na doirtil agus báisíní cithfholcadáin, chun a chinntiú go ndéantar an séala uisce i ngach U-lúb a athlíonadh;
  • Gach umar stórála agus sistéal a scrúdú, agus iad a dhraenáil, a ghlanadh, a dhífhabhtú agus a athlíonadh mar is gá;
  • Sconnaí cithfholcadáin a ghlanadh le dífhabhtán agus uisce a shruthlú go dtí go bhfuil sé glan, agus úsáid á baint as uisce ag a bhfuil teocht 60°C ar a laghad le haghaidh cithfholcadáin uisce the;
  • Umair uisce the a fholmhú agus iad a athlíonadh le huisce ag a bhfuil teocht 70°C ar a laghad uair amháin sula n-úsáidtear é;
  • Cartúis scagaire nua a chur i scagairí uisce agus an coinneálaí cartúis a ghlanadh agus a dhífhabhtú de réir threoirlínte an déantúsóra, agus ansin uisce a rith tríd chun é a shruthlú;
  • Na pumpaí i gcórais uisce/fuíolluisce an fhoirgnimh a sheiceáil chun a chinntiú go bhfuil siad ag feidhmiú mar is ceart;
  • Na séaraigh agus draenacha a sheiceáil agus aon bhac a ghlanadh ar an bpointe;
  • Córais cóireála fuíolluisce ar an láthair a sheiceáil chun a chinntiú go bhfuil siad ag feidhmiú mar is ceart.

Tá an t-eolas ar fad chomh maith le leabhrán ar fáil ar https://www.water.ie/for-business/covid-19-reopening-busine/

Ós rud é go bhfuil gach foirgneamh difriúil lena chéile, ba cheart do bhainisteoirí gnó sainchomhairle a fháil mura bhfuil saineolas inmheánach ar fáil. Ba cheart go mbeadh gníomhartha níos mionsonraithe maidir le trealamh a úsáideann uisce ag teastáil ó roinnt gnóthaí, cosúil leis an earnáil fáilteachais, soláthraithe cúraim sláinte agus ionaid fóillíochta. Tá acmhainní úsáideacha ar fáil ar shuíomh gréasáin FSS, cosúil leis an Seicliosta d'Ionaid Fóillíochta.

Leanann Uisce Éireann de bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe Údaráis Áitiúil chun soláthar uisce phoiblí atá sábháilte agus iontaofa a choinneáil ar siúl agus chun sláinte agus folláine na foirne agus an phobail a chosaint, de réir mar a mhaolaítear na srianta Covid-19 agus a athosclaíonn gnóthaí.

 

NÓTAÍ

Cineál niúmóine is ea galar na léigiúnach a d'fhéadfadh a bheith marfach agus, de ghnáth, bíonn gá seal a chaitheamh san ospidéal chun leigheas a chur ar dhuine. Le haghaidh comhairle, féach ar threoirlínte FSS ar Rialú Legionella