Oidhreacht ón mBaile - Cartlann Rochtain ar Thaighde Choláiste na Tríonóide

Heritage from home 15

Suíomh taighde nach bhfuil an oiread sin aithne air, ar féidir leat tráthnóna a chaitheamh ag breathnú air, é TARA, nó Cartlann Rochtain ar Thaighde Choláiste na Tríonóide, http://www.tara.tcd.ie/ Is stór rochtain oscailte é TARA agus níl an rochtain teoranta ach in imthosca dosheachanta, e.g. sa chás go bhfuil srianta cóipchirt foilsitheora i réim. I measc an iliomad bailiúchán tá bailiúchán an Oll. Edwin C. Rae, Ollamh le Stair na hEalaíne in Ollscoil Illinois, Champagne-Urbana.

I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé i measc duine d’Fhir na Séadchomharthaí nó Taoiseach na Mínealaíon (lena teideal ceart a thabhairt dó) agus bhí sé freagrach as na mílte oibiachtaí ealaíne creachta ag na Gearmánaigh ó thíortha cloíte a thabhairt ar ais. Ba é Ailtireacht Éire na Meánaoise ábhar a thráchtais Ph.D, áfach.

Tá an bailiúchán grianghraf, arb é idir 1930-1970 an dáta atá luaite leis, dírithe go príomha ar dhealbha tuama, crosa ar thaobh bealaigh, ailtireacht agus mionsonraí ailtireachta Thréimhse Mheánaoiseach Dhéanach na hÉireann (c.1250-1600AD).  Cuimsítear sa bhailiúchán seo ábhar atá i séadchomharthaí stáit, eaglaise agus faoi úinéireacht phríobháideach, lena n-áirítear an grianghraf seo de thuama Maud Plunkett laistigh den séipéal i nDiméin Chaisleán Mhullach Íde.