Sheol Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall leabhrán faisnéise a sholáthraíonn eolas ar an réimse seirbhísí, áiseanna agus gníomhaíochtaí atá ar fáil i measc gach cinn de na 31 áis phobail lena dtacaíonn Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall.
Tá sé mar aidhm le clár imeachtaí Nollag Chomhairle Contae Fhine Gall spiorad na féile a thabhairt chun beochta do phobal an cheantair, idir óg agus aosta.
An Nollaig: am chun súil a chaitheamh siar ar an am atá caite, ceiliúradh a dhéanamh ar an am i láthair, agus súil a chaitheamh chun cinn ar an am atá le teacht; séasúr na bhféilte agus na bhféastaí; an chuilinn agus an drualusa; cuairteanna agus taispeántaí. Séasúr na dtaibhsí.
Ar an 6 Nollaig, tabharfaidh Scoil Cheoil Bhaile Bhlainséir aghaidh ar Draíocht do Cheolchoirm na Nollag. I rith na ceolchoirme beidh na mic léinn i lár stáitse iad ag Canadh, ag seinm an Phianó, na nDrumaí, an Veidhlín agus an Ghiotáir. Beidh idir phíosaí ceoil lán spiorad na féile agus blaiseadh de shaothair scrúdaithe na mac léinn le cloisteáil, agus is tráthnóna de cheol iontach agus de thaibhithe ardaithe meanman a bheidh ann!
Is coiméide rómánsúil den scoth é Love Actually ó lucht déanta Bridget Jones's Diary agus Notting Hill. Greannmhar, tarraingteach agus croíúil, le scoth na n-aisteoirí (Hugh Grant, Liam Neeson, Alan Rickman, Colin Firth, Keira Knightley, Laura Linney agus Emma Thompson, gan ach roinnt bheag a lua!)
An séasúr seo oibreoidh Draíocht i gcomhar le Clár Oideachais Institiúid Scannán na hÉireann chun an scannán 'A Jar Full of Life / Vielmachglas' a chur ar an scáileán do Mhic Léinn Meánscoile na Sraithe Sinsearaí, i nGearmáinis (le fotheidil i mBéarla). Aois mholta: 15+
Beidh Mary Coughlan, an t-amhránaí clúiteach gormacha agus snagcheoil ar an stáitse in Óstán an Bracken Court, i mBaile Brigín ar an Domhnach, an 1 Nollaig.
Cúis áthais dúinn a fhógairt go mbeidh Lón Nollag bliantúil Líonra Mhná Fhiontraíocha Fhine Gall ar siúl ar an Déardaoin, an 5 Nollaig in Óstán agus Club Tuaithe Roganstown idir 11am agus 2pm.