Clár na Nollag chun spiorad na féile a thabhairt chun beochta i bhFine Gall

Christmas events

Tá sé mar aidhm le clár imeachtaí Nollag Chomhairle Contae Fhine Gall spiorad na féile a thabhairt chun beochta do phobal an cheantair, idir óg agus aosta.

Tá tús á chur i mbliana le margadh Nollag ag Caisleán Bhrí Mhór sa bhreis ar an Margadh Nollag ag Caisleán Shoird.  Beidh an t-imeacht bliantúil chun na soilse Nollag a chasadh air i mBaile Bhlainséir, Sord agus Baile Brigín ar siúl freisin.

Reáchtálfar Margadh Nollag Chaisleán Shoird ar an Aoine, an 29 Samhain 29 idir 3pm – 8 pm, Dé Sathairn, an 30 Samhain idir 12 pm agus 8pm, agus ar an Domhnach, an 1 Nollaig idir 11am agus 6pm. Beidh trádálaithe ann a bheidh ag díol táirgí agus earraí ceardaíochta áitiúla, mar aon le neart spraoi don teaghlach lena n-áirítear Daidí na Nollag, club Nollag na hamharclainne cartún agus seónna ceoil/draíochta.

Reáchtálfar Margadh Nollag Chaisleán Bhrí Mhór ar an Satharn, an 7 Nollaig agus ar an Domhnach, an 7 Nollaig agus an Domhnach, an 8 Nollaig idir 11am agus 6pm. Mar aon le héagsúlacht mhór stallaí, beidh neart spraoi don teaghlach lena n-áirítear Daidí na Nollag, siamsaíocht do leanaí agus clár iomlán de charúil agus de cheol beo.

Beidh páirceáil saor in aisce ar fáil don lucht freastail ag an dá mhargadh Nollag. I Sord, beidh páirceáil ar fáil i gcarrchlós Chomhairle Contae Fhine Gall ar Bhóthar Bhaile na Trá, agus i mBaile Brigín i gcarrchlós Chaisleán Bhrí Mhór.

Casfar na soilse Nollag air i mBaile Bhlainséir ar an Déardaoin, an 28 Samhain ag 6pm, i Sord ar an Aoine, an 29 Samhain ag 6pm, agus i mBaile Brigín ar an Aoine, an 6 Nollaig ag 7pm.

Chomh maith leis sin, beidh páirceáil saor in aisce ar fáil i gcarrchlós Theach na Cúirte i Sord sna trí deireadh seachtaine roimh an Nollaig, ag tosú ar an Satharn, an 7 Nollaig. Beidh na carrchlóis oscailte don phobal idir 9am agus 6pm.

Chomh maith leis sin, beidh páirceáil saor in aisce íoc agus taispeáin ar fáil i Sord, Baile Brigín, Na Sceirí agus An Ros i mbliana ar an 7, 14 agus 21 Nollaig.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “I ndiaidh an rath a bhí ar Mhargadh Nollag Chaisleán Shoird, táim sásta go bhfuil Margadh Nollag Chaisleán Bhrí Mhór eagraithe anois agus táim cinnte go mbeidh na sluaite ag triall air. Baineann an teaghlach ar fad taitneamh as Margaí Nollag, agus is cúis áthais é go mbeidh dhá mhargadh Nollag i bhFine Gall i mbliana. Táim ag súil leis na soilse Nollag a chasadh air agus tús a chur leis an bhféile.”

I ndiaidh an ratha a bhí ar imeacht na Samhna Chomhairle Contae Fhine Gall, Féile na Tine, tá gach duine dóchasach go n-éireoidh go breá le himeachtaí na Nollag chomh maith.

Tá na himeachtaí Nollag oiriúnach do dhaoine de gach aois agus do theaghlaigh. Bí inár dteannta agus bí páirteach i spraoi na féile! Féach ar fingal.ie chun eolas a fháil faoi imeacht a bheidh ar siúl in aice leat.