Seolann Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall an Leabhrán Faisnéise ‘Pobail a Cheangal’

Connecting Communities

Sheol Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall leabhrán faisnéise a sholáthraíonn eolas ar an réimse seirbhísí, áiseanna agus gníomhaíochtaí atá ar fáil i measc gach cinn de na 31 áis phobail lena dtacaíonn Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall.

Thit seoladh Leabhrán Faisnéise Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall, “Pobail a Cheangal”, ag Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien, amach ag Ionad Pobail Dhomhnach Bat-Phort Reachrann.

Cuirtear léargas gearr ar fáil sa leabhrán faisnéise, a chuir Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall le chéile, ar an méid a chuireann gach ionad pobail ar fáil. Áirítear leis uaireanta oscailte, gníomhaíochtaí, deiseanna chun obair dheonach a dhéanamh agus an méid a tharlaíonn ar bhonn laethúil in aon chinn de na 31 áis phobail lena dtacaíonn Comhairle Contae Fhine Gall ar fud Fhine Gall, idir Baile Átha Cliath 15 go dtí Baile Brigín agus feadh an chósta ó Bhinn Éadair go dtí an Ros.

Eagraíocht phobail atá i ngach ionad atá dinimiciúil, neamhspleách agus neamhbhrabúsach agus cuireann siad cláir agus seirbhísí ar fáil atá dírithe ar cheangail agus folláine shóisialta a chothú. Trí éisteacht le riachtanais agus ábhair spéise an phobail, sainaithníonn na foirne bainistíochta an méid a theastaíonn agus an méid a bhfuil tóir air i ngach limistéar.

Mar iarracht lena chinntiú nach bhfágtar duine ar bith ar lár, cuirfear an leabhrán faisnéise ar fáil i nGaeilge, sa Pholainnis agus sa Fhraincis agus beidh sé ar fáil ar láithreáin ghréasáin na n-ionad pobail agus Chomhairle Contae Fhine Gall.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien: “Cabhraíonn Áiseanna Pobail le Pobail a thógáil agus léiríonn sé cairdeas leo siúd atá ag cónaí leo féin.  Is féidir le hÁiseanna Pobail lena dtacaíonn Comhairle Contae Fhine Gall líne tharrthála a thabhairt do dhaoine nach bhfuil aon líonra tacaíochta acu, agus cuireann sé spásanna ar fáil, ag an am céanna, inar féidir le grúpaí fás agus forbairt go mór agus tionchar a imirt ar a bPobal áitiúil.  Cuireann siad deiseanna ar fáil do leanaí agus daoine óga chun tabhairt faoi réimse fairsing gníomhaíochtaí agus tionscnamh. Tá príomhról acu chun pobail níos láidre a thógáil.”

Dúirt an Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall, Margaret Geraghty: “Is cinnte go mbeidh foilsiú an leabhráin faisnéise mar fhoinse thábhachtach d’fhaisnéis dár gcónaitheoirí chun teacht ar níos mó faisnéise faoin méid a chuireann ár n-ionaid phobail ar fáil.  Tá ról ríthábhachtach ag ár n-ionaid phobail chun daoine a thabhairt le chéile agus chun aonrú a laghdú agus daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oideachais agus caitheamh aimsire araon.”