Christmas Gothic ar an scáileán in Draíocht

Dyad Productions le Rebecca Vaughan sa phríomhpháirt

DÉ MÁIRT AN 10 NOLL 2019 8PM An Príomh-Halla // €18 / €16 lacáiste

An Nollaig: am chun súil a chaitheamh siar ar an am atá caite, ceiliúradh a dhéanamh ar an am i láthair, agus súil a chaitheamh chun cinn ar an am atá le teacht; séasúr na bhféilte agus na bhféastaí; an chuilinn agus an drualusa; cuairteanna agus taispeántaí. Séasúr na dtaibhsí.

Fág an fuacht i do dhiaidh agus tabhair aghaidh ar spiorad na Nollag i dteannta na mná dorcha agus taibhsiúla ag insint scéalta shéasúr na féile, las coinneal do neamhbhuaine an duine, agus caith solas ar dhoimhneachtaí fuara agus naimhdeacha an dorchadais ghruama, gheimhriúil...
I ndiaidh an ratha a bhí ar camchuairt idirnáisiúnta Female Gothic, tugann Dyad Productions traidisiún Victeoiriach chun beochta trí 3 scéal shéasúracha uafáis a chur i láthair chun scanradh a chur ar dhaoine i rith oícheanta dorcha na Nollag. Tá an ceiliúradh dorcha seo ar an Nollaig curtha in oiriúint agus ar stáitse ag Rebecca Vaughan (Dalloway, Austen’s Women, I, Elizabeth, Female Gothic).

Á stiúradh ag Elton Townend Jones (Dalloway, The Unremarkable Death of Marilyn Monroe)
Ó chruthaitheoirí Dalloway, The Unremarkable Death of Marilyn Monroe, Austen’s Women, I, Elizabeth, The Diaries of Adam and Eve agus Female Gothic.